Merugud Uilix maicc Leirtis

unknown

Edited by Kuno Meyer


Merugud Uilix1 maicc Leirtis ann so. 2

Adaptation. There are no navigable sections in this document (G305003A, 4670 words)
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Stowe MS. 992, fo. 59 b, 2-61 a, 2.Book of Ballymote, p. 445 a-p. 447 b.
p.1

Merugud Uilix1 maicc Leirtis ann so. 2

[1] Iar n- indriud ocus díscáiled prímchathrach 'na Troianda ocus tuirthechta 'na n-Gréc, tánic cach díb dochum a críchi ocus a feraind dilis féin. Tánic tra Uilix macc Leirtis dia dia chrích ocus dia ḟerand, [5] co n-acca úad slébti a ḟeraind féin. ‘Is doilig linn tra aní fogébam and sút .i. in rígan álaind áilgen ro ḟácsam and a beith ac fir eili innar fiadnaisi, ocus ríg ele ar ar crích, ocus ar ferand do beith aici, ocus arsena féin imm ar n-deilb, cid iar fírinni bem.’3 [10] ‘Na cuirid fort-su sin,’ ar a muinter fri hUilix ‘úair fogébam uili in t-olc sin.’ Is and sin immorru ro taescair in gáeth forro-som, ocus ro cuirit i falc mara móir immach doridisi, co ro bátar bliadain ar p.2 in mescmerugud sin, no co ráncatar i n-oilén mór.

15] Ocus fúaratar caerchu ollacha móraidbli ocus ro marbsatar trí caerchu díb. Ocus ro cuirit a pupaill tairsib ocus ro tarlait a teinti ocus ro hurlamaigit a cairig. Trí lá ocus trí hoidchi dóib and. Iar sin tra atbert Uilix: ‘Is mithig dún immthecht’ ar [20] sé. ‘Ni cóir a n-aprai,’ ar síat ‘úair atá ar n- dáithan bíd co bráth ina fil do chaerchaib sund.’ ‘Nocho dingén foraib,’ ar sé ‘cen dula d'iarrair ar n-atharda bunaid féin.’ ‘Aní atái d'iarrair,’ ar síat ‘tuitfimit-ni uili it lurg, amal ro fácbait do
25] muinter uili connici so.’

Is and sin tra ro fácbatar connici in n-oilén ocus táncatar inna longaib doridisi, ocus ro bátar bliadain ar in muir, co ráncatar oilén eli.

Co Iar tíachtain dóib tra isin oilén, dorala slíab óir dóib inna medón. ‘Is maith in turchurtha so’ ar [30] a muinter fri hUilix. ‘Ca fiss dóib-si ón?’ ar sé. ‘Nach leór fil do sétaib acaib asa Trói?’ Ocus ro gabsat oc tinól in óir, noco faccatar in Cicroipecda cuccu.

Ocus ni ro ḟíarfaig scéla díb, acht amal ro p.3 bátar and, tánic foithib. In bail i m-bíd in cur no [35] in cathmílid, ro íadad a láma impu, co ro brúid ocus co ro mínaiged a cnáma ocus a feóil. Iar marbad sochaidi díb tra do túargaib nonbur leis díb etir a dí láim imm Uilix macc Leirtis. O ro rathaig4 tra Uilix in fer fíamach fírglicc beith oc a [40] breith i forécin, ro éla etir uillib a muintire sís dochum láir, ocus ro fuccad a muinter úad.

Is and sin tra tánic Uilix dochum 'na long ocus ro innis 'na scéla sin don nonbur ro bói isna longaib. Ocus do ráidetar a muinter fris: ‘Cuirem tuilled
45] innar longaib do sétaib ocus glúaisem romuinn! ’ ‘Ni ba fír sin,’ ar Uilix ‘no co findar cindas ruccad mo muinter úaim, ocus is trúag tind liumm a m-breith úaim.’ ‘Cid trúag sin,’ ar síatna habair, úair is cert a míad linn do beith-siu etrainn.’ [50] Is and sin tánic Uilix d'iarrair ind ḟir móir, co ríacht co dorus 'na húamad. Atchondairc-sium 'na gnúisi aigedbána ettlaidi a muintire isin úamaid oc a déicsin
immach. ‘A áes cummtha,’ ar sé ‘is mór in gábad sin i fuilti.’ ‘At fír,’ or síat ‘ocus
55] rotbía féin ass.’ ‘Ni ba fír ón,’ ar sé ‘combarala dam ocus dond aithech.’ ‘Inneo?’ ar síat. ‘Ca haccmaing fil acat do cur fris? Ni ḟil do géri do slege na do daingni do láma ní frissa roissed fo- grainne do slege cnáim inna churp.’ ‘In fobairthi-
60] si éirgi tairis aníar?’ ar sé. ‘Trúag ám sin,’ ar síat ‘atáit trí cosschéimenn cach fir úainn etir a dí chích.’ ‘Ca fiss dóib-si,’ ar sé ‘in barbardacht fil inna churp nach fil trumma as dingbála di inna churp inna chotlud? Eírgid tairis aníar,’ ar sé ‘ocus tócbaid
65] bar n-anála i n-úachtur bar cléib do bar n-étrum- mugud tairis.’ Ro éirgetar-sum ocus táncatar tairis immach. Ocus ro bátar trí cosschéimenn cach áenḟir díb etir a dí chích oc immthecht tairis. ‘Dénum immthecht budesta! ’ ar síat. ‘Ni ba
70] fír ón,’ ar Uilix
‘combarala dam-sa ocus dond aithech.’ Tánic dia indsaigi, ocus in t-áensuil mór ro bói i tulportaib a étain, ro chuir fograinne 'na slege etir in dá abra, ocus tuccustar sáthad ar in sleig isin suil, cor bo monar dó a immdítin ar in p.5 [75] loch lethanmór lindusci ro memaid esti. Cid tra acht ro chraith in slíab ocus ro gair in úama risin n-esarchosairt doroine in fer ruadremur romór dia chossaib ocus dia lámaib ac iarrair indí dorat in n-ainécin fair. Ocus táncatar inna luing asa aithli [80] sin.

Airmithir fer do muintir Uilix do dul ar dremni ocus ar déaithi, corob é in fer sin dorala do Aenias macc Anaichis dia m-bói for loingis. Bliadain tra do Uilix ar muir iar tíachtain assin oilén sin, ocus nonbur dia muintir, is ed ránic [85] imṁslán leis co tír do neoch nach fúair bás tria galraib anaichnib. Tánic iarom Uilix i tír, co tarlatar maicc ingaire dó oc a n-almaib. Ba roglicc tra in fer sin, ba fer fíamach fírgáeth ocus ba coitchennbérla, úair ro foglaimthea leis bérla cacha [90] tíre i téiged, ocus ro ḟíarfaiged scéla tresin m-bérla ro ḟogain dóib. Ocus is ed fúair acco, corbo é Brethem 'na Fírinne ro bo aire isin crích sin. ‘Ca fírinne ḟognas dó?’ ar Uilix. ‘Cach duine dogní; a ḟoglaimm aici ro soich a dúthaig fo chétóir ’ ar [95] íat-som. ‘Cid dam-sa,’ ar Uilix ‘nach dingninn m' ḟoglaimm aici?’ ‘Ni ḟuil a accmaing acat,’ ar in frisnésid ‘úair ni fágbaither aiccept in áenláe cen deich n-uingi fichet do dergór dó. Ocus tú-sa,’ bar íat-som ‘cársa cóich thú?’ ‘Do éloithchib
100] 'na Troianda dam-sa ’ ar sé. Ocus tánic úadib ar ammus a luinge, ocus ro ḟíarfaigetar a muinter scéla de.

Ocus ro innis dóib feib atchúala ocus ro bói ac a ráda friu foglaimm do dénum. Ocus is ed ro ráidset, nach roibi a thoisc accu a dénum: ‘úair
105] ro thuitsetar ar fuilt ocus ro theimligetar ar ruisc ocus ro dorchaidsetar ar n-gnúisi ocus ro buidetar ar n-déta, ocus ni bud oirches dún ar n-ór na ar n-indmas do thabairt ar ḟoglaimm nach tuillfed dún do dénum.’ ‘Ca ferr dóib,’ ar Uilix ‘a ḟácbáil
110] ar bernadaib báegail no ar doirsib aideda 'nas a thabairt ar ḟoglaimm tuillfes dóib bodéin?’ Is and sin tra táncatar rompo isin dúnad, ocus dorala dóib fer in baili forsin faithchi, ocus ro ḟíarfaig scéla díb. Ocus ro innsetar dó cach dochair fúaratar [115] ocus ro ḟíarfaig díb crét 'ma táncatar. ‘Táncamar do ḟoglaimm acat-su.’ ‘Fogébthai-si sin acht corab accmaing a dénma acaib.’ ‘Cahaccmaing etir ón?’ ar síat. ‘Ni tabraim-sea aiccept áenláe cen deich n-uingi fichet do dergór dam.’ ‘Fogébam
120] duit-si sin’ ar síat. Ro ferad fáilti friu ocus tuccad p.7 cotalthech fo leith dóib ocus tuccad tra airigthi bíd ocus lenna dóib inn, ocus dorinned folcad ocus fothracad dóib. Ocus deisitar and in n-oidchi sin.

Ro éirgetar co moch iarnamárach cosin [125] n-inad i roibi Brethem 'na Fírinne.

Ro toimsit deich n-uingi fichet do dergór dó ocus dorinne- sium aiccept dóib-sim dorindi doib. Is é seo tra in t-aiccept: ‘Cemad áenathair ocus áenmáthair do beith acaib bar nonbur, ocus cemad áenduine ro marbad bar
130] n-athair ocus bar máthair, ocus a tachar i cenn comairle acaib cen a marbad-sin lib, noco n-dern- tai trí comairli lib uime, ocus noco n-airchenn bar m-beith uili d'áeneolus tri bithu. Ocus cid áen- duine acaib tecmas, araide na maidid in t-echt,
135] noco n-gaba fo thrí ar a anáil ocus co n-dérna comairli a menman budéin. Mad ed dono dobéra a menma asa comairli, maidid in t-echt iar sin.’ ‘Abair beos!’ ar síat. ‘Ni buithi indiuacht sin’ ar sé. Táncatar dia tig iar sin. ‘Is ór i n-aiscid
140] sút ’ ar a muinter fri hUilix.

Ro bátar and in n-oidchi sin, ocus cerbo maith a frithailem in cétoidchi, rob ḟerr in n-oidchi sin. Ro éirgetar co moch iarna márach ocus táncatar co tech n-aiccepta.

Ro toimsit deich n-uingi fichetd'ór dó, ocus is ed asbert- [145] sum: ‘In t-slige a n-immthigid cach laei, na lenaid frithrót no frithchassán, acht lenaid in sligid móir.’ ‘Abair iar sin ’ ar síat-som. ‘Ni buithi indiu d' ḟoglaimm acht sin ’ ar sé. Táncatar dia tig iar sin. ‘Is ór dímain siut ’ ar a muinter fri hUilix. ‘Ni
150] fess nach fuigbithi a gréimm ’ ar Uilix. Ocus cer maith a frithailem in dá cétoidchi, rob ḟerr in tresoidchi. Ro éirgetar co moch iarna márach ocus táncatar inna tech n-aiccepta. Ocus ro toimsit deich n-uingi fichet do dergór, ocus is ed [155] atbert-som: ‘In fai ccthi in gréin in trath sa? ‘Atchíamait’ ar sía t-som. ‘Na glúaisid nech acaib asa áit na asa adbaid, do beith do méit a thindenais, noco raib in grían isin aird inna fil in trath sa.’ ‘Abair íar sin ’ ar síat. ‘Ní buithi d'
160] ḟoglaimm
don chúairt-sea úaim-sea acht sin ’ ar sé. ‘Ocus na himmthigid-si immárach noco n-aicilliur-sa sib ’ ar sé. Táncatar dia tig iar sin ocus do éirgetar co moch iarna márach ocus táncatar ar in faithchi immach. Ocus dorala in t-óclaech dóib ar in faithchi p.9
165] ocus ro thimmain celebrad dó ocus ro ḟácbatar ben- dachtain acca.’ ‘Beir lat’ ar in Brethem ‘in cilfing m-bicc-sea do timmna, ocus dia fúaslaictheuirri- seo, nocho rís do dúthaig co bráth aridisi.’ ‘Is becc lúag linni sin iar rochtain ar tíre.’ Ocus ro thin-
170] choisc
eolus dóib cen muir dochum a tíre.

Ro immthigset iar sin, ocus in fat ro bátar ar sligid, ni hed airmithir sund. Acht ráncatar coicrích móir, ocus tech n-áiged coitchenn isin choicrích sin. Ocus táncatar-som and amal cach n-áen. Doríacht [175] as cach aird sochaidi móra isa tech sin. Iarfaigis cach díb dia chéli: ‘Cia leth rachaid-si immárach?’ ‘Tíagmait isin choicrích ’ ar síat. Cid tra acht ro éirgetar in lín ro bátar isin tig áiged. docuadar olse.Táncatar ar gort ón tig immach. Uilix tra is ed atbert [180] side: ‘Is olc dochúatar mo deich n-uingi fichet d'ór úaim-seo cen anad co n-éir in grían isin n-aird atubrad frind.’ Is and sin ro suid-sium. ‘Crét sin?’ ar a muinter fris. ‘Anfat acum ḟoglaimm’ ar Uilix. ‘Aní atái d'iarrair,’ ar síat ‘ar tuitim-
185] ni uili it lurg amal ro thuitset foirend 'na cethri long fichet ro thuitset ar Trói it lurg, tuitfimit-ni in n-indas cétna it lurg.’ ‘In anad dogníthi-si? ’ ar fer don chuitechta. ‘Is ed ’ ar síat-som. ‘In eolach sib-si isin choicrích?’ ‘Ní heolach’ ar [190] síat-som. ‘Nach faiccthi-si in gort ocus in sligid?’ ‘Atchíamait-ni ’ ar síat. ‘Indsaigid sin,’ ar sé ‘ocus dia roisti tairis sin, ro soisti immslán bar tír.’

Ro immthigset in chuitechta iar sin ocus ro an Uilix cona muintir no cur éirig in grían isin [195] aird atubrad fris. ‘Is é siut ’ ar síat ‘tossach 'na cuitechta ar in sligid, ocus dia m-bemís-ni and sút astrasta, ro soismís immslán.’ ‘Dar lium-sa tra,’ ar Uilix ‘ni díb-si in buiden-sa i timmchell in guirt immaig ocus ni díb in síred so don leith
200] eli.’

Ocus ro chonncatar fo chétóir ac sceinm fon cuitechta íat, co nár ḟaccsat duine inna bethaid díb. ‘In faiccthi siut?’ ar Uilix. ‘Atchíamait’ ar síat. ‘Is maith gréimm ar n-deich n-uingi fichet d' ór dóib; ocus immthigmit-ni bodesta,’ ol sé [205] ‘úair scáilfit siut a haithli in áthais.’ Táncatar iar p.11 sin rompo isin sligid, co ríachtatar in coicrích ocus táncatar i n-díthrub mór. Ocus nir lensat cái na conair don prímsligid immach. Acht chena tán- catar días dia muintir ar frithchassán immach ocus [210] fúaratar a n-oidid fo chétóir. Cid tra acht táncatar connicci a n-dúnad bodéin in mórseiser ro bátar, ocus táncatar isin cotaltech i roibi in rígan. Ocus atchonncatar hí i cathair móir for fossadlár in tige, ocus áenócláech rob ḟerr delb do láechaib in [215] domain ar a gúalainn. ‘Ro ráidis frib siut ’ ar Uilix. ‘Is écin a ḟulung sin ’ ar síat. ‘A dáine maithi út tair,’ ar in rígan .i. Peneloipi a hainmm, ‘cía sib-si etir?’ ‘Dáine mescda muiridi sinni ’ ar síat. ‘Immthigid ’ ar sí ‘isa tech n-óiged.’ [220] Ro frithailed in n-oidchi sin íat, co ráncatar inna n-imdaid.

‘In fetabair-si aní rob áil limm-sa? ’ ar Uilix. ‘Ni fetamar ’ ar síat. ‘Uaim élaid ro bói acum-sa assin cathraig immach fon talmain, ocus is and atá indara dorus di ac in cathraig thall,
225] ocus comla íata fris
, ocus in dorus ele ar in faithchi immaig, ocus lathar leccchloiche fair. Ocus is ed p.12 is áil dam-sa, dul tresin n-dorus n-immechtrach ar fut 'na húama innunn, noco riis in n-imdaid, ocus in bail i m-bíat i n-áeninad ar in adart in cloideb do
230] gabáil
forro a n-dís.’ ‘Is olc in comairle sin,’ ar síat ‘acht is córa duit dul ar ammus ríg Gréc ocus t'imned d'écáine fris, ocus amal dochúadais-siu inna sochraiti-sium ticced-som it sochraiti-siu do chosnam t'atharda dúithchi duit-siu.’ ‘Ni ro
235] lécet dono 'na déi adartha sin! ’ ar Uilix.

Ro bói tra aithber immaithber oc a muintir fair-sium.

Do thuitemar uili it lurg amal sin’ ar síat. Is and sin tra ro éirig-sium úaithib d' indsaigi 'na cathrach innunn, noco ránic in n-imdaid ocus [240] atchúala comrád 'na déise for in adart. Ocus ro nocht a chloideb fo chétóir ocus túargaib in láim.

'Is olc gréimm m' ḟoglamma dam,' ar sé 'cen gabáil ar m' aicned tús co n-gabainn ar m' anáil.'

Túargaib in láim fo thrí co m-benad d' éiss a chloidib [245] fria muinél 'na déisi. In tres fecht túargaib in láim ocus rob áil leis in t-echt do maidim, is and sin ro ráid in rígan: ‘Uch, uch, a maicc!’ ar sí ‘dotárfas dam t'athair- siu ós ar cind ocus ro bói p.13 ar cenn do bein dinn. Indar leis rob
250] fer cáemfuar coimmtech tú-su. Tuingim-sea fom déib adartha,’ ar sí ‘nach fetar-sa cin o ḟir eli ó ro immthig-sium i sochraite Gréc, ocus torrach ro ḟácaib misi in tan ro immthig, ocus is tú-su ruccad don toirrches sin. Ocus ni ro léicius-sa corp [255] fir eli i n-áenlepaid rium, acht a ḟuil-sium ocus m' fuil-sea oc coimét a einig-sium.

O'tchúala tra Uilix in comrád sin, ro ḟáiltnig a aicned fris. Ro éirig sí iar sin ocus ro cháiestar frassa díana dér, ocus ro bói-sium ac éitsecht fria, [260] cur thuit a chotlad fair, noco táinic dered oid- chi. Ro éirig iar sin ocus ro bo méla mór leisin in cotlad sin. Táinic reme immach ocus ro laig etir a muintir ocus ro indis scéla dóib. Ocus ruccastar atlugud buidi do na déib inní sin. Ro [265] éirgetar iarna márach ocus táncatar isa tech cétna. ‘A dáine maithi,’ ar in rígan 'cársat cía dóib-si etir?' ol sí. ‘Uilix macc Leirtis misi’ ar sé. ‘Ni tú in t-Uilix rob aichnid dúin-ni ’ ar sí. p.14 ‘Is co deimin!’ ar sé ‘Ocus6 indésat
270] mo chomartha duit ’ ar sé. Ocus dochúaid inna rúinib ocus inna comráitib ocus inna der- ritib iar sin. ‘Caide do delb no do muinter,’ ar sí ‘masa tú Uilix?’ ‘Do chúatar i muguar sé.

Crét fo derid dot chomarthaib ro ḟácbais
275] acum-sa?” ar sí. ‘Delg óir,’ ar sé ‘ocus cend airgit fair; ocus ruccus-sa do delg-su liumm ac dula dam isin luing, ocus is and sin ro immpóis- siu úainn,’ ar Uilix.’ ‘Is fír tra sin,’ ar sí ‘ocus dia m-bad tú Uilix, do fíarfocha do choin.’ ‘Nir
280] sáilius a marthain etir’ ar sé. ‘Dorónad brochán áise dí acum-sa,’ ar sí ‘úair do rathaigius a grád co mór a Úilix. Ocus cía halt con etir in chú sin?” ar sí. ‘Dá tháeb glégela aice ocus druimm gelchorcra ocus tarr círdub ocus erboll úainecda’
285] ar Uilix. ‘Is í túarascbáil 'na con sin,’ ar sí ‘ocus dono ni lámann duine isin baile a cuit do thabairt dí, acht misi ocus tú-su ocus in rechtaire.’ ‘Tabar in chú istech!’ ar sé.’

Ocus ro éirgetar cethrar p.15 ar a cenn ocus tuccsat leo istech hí. Ocus amal ám [290] atchúala sí fogur gotha Uilix, tucc builli ar in slabraid, cur chuir in cethrar inna laigi ar fut in tige inna degaid, cur ling i n-ucht Uilix, ocus co ro lig a gnúis ocus a aigid. O'tchonncatar muinter Uilix sin, ro lingset cuci. In duine díb nach roiched a [295] chness, ro phócad do phócaib a étach. Ocus nir glúais a ben fris-sin. ‘Is tú Uilix ’ ar sí. ‘Is mé’ ar sé. ‘Is immda lucht 'na cumachta,’ ol sí ‘ocus taiscfet-sa m' áentuma, co tí do delb duit-si.’

Sechtmain dó and in tan tucc sí aichni for a deilb. [300] Ocus ro áentaigset iar sin. ‘Atá cilfing becc acam ’ ar Uilix, ‘tucc m' oite dam ocus adubairt frimm cen ḟoslucud furri noco tuccainn duit-si hí’ Ro ḟoslaicset furri fo chétóir. Deich n-uingi ocus ceithri fichet tuccastar-som ar in foglaimm, is ed ro [305] bói innti, ocus tinne óir ar a huachtar do choimét a fírinne fair.

Conid é merugud Uilix maicc Leirtis ó thús co derid co sin.


Notes

  1. Iuliux St. and so throughout 
  2. incipit do. m. U. sosis bodesta. B. 
  3. From here to line 17 St is defective. 
  4. According to Meyer, this variant occurs in line 37. 
  5. Small circle over u. 
  6. is-ocus omitted in B