A-tám i n-easbhaidh amhoirc

Unknown


Poem. There are no navigable sections in this document (G402025, 909words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


A-tám i n-easbhaidh amhoirc

    1]  A-tám i n-easbhaidh amhoirc
    2]  ar gcaitheamh mo chéadradhoirc;
    3]  srian do chaithfinn ris an gcorp
    4]  ó mbiadh aithrinn ar m'amhorc.
    5]  Tuigim mo dhíoth amhoirc as
    6]  nach móide iarraim eolas
    7]  gan éantroigh ar a haghaidh
    8]  ag céadfaidh dom chéadfadhaibh.
    9]  Go n-aithnighim orum féin
  10]  móide as oirchios a haimhréir
  11]  nach foil roirinn ar mo rosg;
  12]  doibhinn lem thoil a teagosg.
  13]  Dá mbeinn i gcogadh rem chorp
  14]  ní bhiadh easbhaidh ar m'amhorc;
  15]  tug síoth do thabhairt dom thoil
  16]  díoth amhairc ar an anmoin.
  17]  Ní cosmhail nach meallfadh mé
  18]  mo námha i n-aimsir m'óige
  19]  's go saoilim go bhfoighbhe faill
  20]  oirn-ne i gcaoileirr an chochaill.
  21]  Nach faicfe sinn ó so a-mach
  22]  aithnim ar m'aigneadh ndíomsach,
  23]  gé theasda ón radhorc a rinn,
  24]  d'amhorc feasda achd a bhfaicim.
  25]  Ar ndul ó ar dtír féin i bhfad
  26]  tugadh linn lór do dhearmad
  27]  do bhrígh ar ndearc do dhalladh
  28]  searc don tír i dtángamar.
  29]  Do bharr ar bhuain na habhla
  30]  do chuir d'éis a hagallmha
  31]  mar do choill Éabha an aithne
  32]  séana croinn na comairche.
  33]  Oidhre Dé ler dúineadh neamh
  34]  do bhaoi go ceann cóig n-aimsear
  35]  nar roinn sé a ghlóir re a ghaoltaibh,
  36]  an chóir is é d'éanaontaidh.
  37]  Fuair aonta an athar neamhdha
  38]  gur bh'í toil an tighearna
  39]  teacht i dtruaill chumhaing an chuirp
  40]  tre bhuain an ubhaill orrdhuirc.
  41]  Do chead na cúirte móire
  42]  táinig i mbroinn banóighe;
  43]  an chomhairle as ar luigh leis
  44]  dár ngonaibh-ne is luibh leighis.
  45]  Acht éad ar an seanóir saoir
  46]  fan mac nar thuill a thathaoir,
  47]  d'fhoiléim mar do-chuaidh 'n-a corp
  48]  toibhéim ní fhuair a hóghacht.
  49]  Do b'ionann agus a éag
  50]  a theacht i gcorp dár gcoimhéad;
  51]  dá bhás do bhí 'n-a fhioghair
  52]  rí na ngrás do ghiniomhain.
  53]  Beatha Críost gur caitheadh ribh
  54]  feadh éanuaire dá aimsir
  55]  go lá a bháis ní bhíoth gan phéin;
  56]  páis do budh chrioch dá chaithréim.
  57]  Mé dámadh mac díleas dó
  58]  an chroch far cuireadh Íoso
  59]  do rachadh ar dhéaraibh dhamh
  60]  féaghain mh'athar gá hiomchar.
  61]  Ní beag an dearbhadh doille
  62]  mar fholaighthear orainn-ne
  63]  na róid do nochtadh go neamh
  64]  le sgoltadh a chóig gcroidheadh.
  65]  Do dúnadh ar an teach thall,
  66]  ní raibhe iadhta ar Iofrann;
  67]  an bhas do chosgair an cló
  68]  glas nír osgail i n-éanló.
  69]  Do ling an t-anam gan fhios
  70]  a corp Dé díochra an cairdeas;
  71]  do bhí a chaithréim ós aird ann,
  72]  do airg don aithléim Iofrann.
  73]  Dá fhichid lá isteach go dtug
  74]  do fhuirigh fa cuaird charud
  75]  ar dtocht a chinidh re a chois
  76]  ar slighidh go port Parthois.
  77]  Nach deachaidh ar a dheis féin
  78]  go bhfuair aontaidh gach fhíréin
  79]  do an-san níor bheag an bháidh
  80]  re cead na n-aspal d'fhagháil.
  81]  Na grása ler imthigh uainn
  82]  ní thiobhra Íosa an athuair
  83]  cunnradh saor díobh don duine;
  84]  ná bíom taobh re a thrócuire.
  85]  An bhratach le mbrisfe cath
  86]  do-ghéana achd go dtí an tobhach
  87]  ga seoladh le sluagh nimhe
  88]  leoghan don uan ainglidhe.
  89]  Do thabhairt impidhe air
  90]  ní racha naomh dá naomhaibh;
  91]  ar Dhia nach tráth dá tabhairt
  92]  ní bhia cách 'n-a chontabhairt.
  93]  A osgladh ar a aghaidh
  94]  pian don duine diúltfadhair;
  95]  is cneadh ghlúin nó cneadh chroidhe
  96]  súil ar teagh na trócaire.
  97]  Gan a fhuathachadh air féin
  98]  dar lat is lór do mhíchéill,
  99]  gin go mbeath m'easgcara ann,
100]  teach na heasbhadha Iofrann.
101]  Don chur-sa cloinne hEabha
102]  cúis eagla na hairrdheana,
103]  na piana 'n-a dtuile ag teacht
104]  's na miana uile ag imtheacht.
105]  Go lá an bhráith nach bia san chorp
106]  a-tá fós aige d'fhurtocht;
107]  fuigheall buille an anaim ann
108]  gan chalainn uime i nIofrann.
109]  Ní budh móide mo mheanma
110]  mo thionnluicthe óm thighearna
111]  a gcar go léir ar mo láimh
112]  dámadh léir damh a ndíoghbháil.
113]  An corp thig do nimh a-nall
114]  diadhacht Íosa 's a anam
115]  ranáir don tí nach tuigfeadh
116]  fagháil na dtrí dtionnluiceadh.
117]  Do gealladh glóir Dé dhamh-sa
118]  an chuing do-chóidh oram-sa
119]  dá bhfuilngeam go buan 'n-a bun;
120]  is dual cuingheall i gcunnradh.
121]  Ní fhuil easbhaidh ar m'ithir
122]  nach féadfaidhe d'fhóirithin;
123]  mór gcré nach tabhair toradh
124]  go bhfaghair lé leasoghadh.
125]  A-tá 'n-a chnoc ard rem ucht
126]  an díomas do dhall m'amhurc;
127]  tairgsin mo lot do leigheas
128]  an cnoc aird-sin ísligheas.
129]  Ní bhí dá thaisgidh im thoil
130]  rún as aimhleas don anmoin
131]  i n-uair chaointe mo cheana
132]  nach faoicfe a thruaill thaisgeadha.
133]  Ó nar chaitheas rinn mo rosg
134]  san aimsir thall re theagasg
135]  do riaghladh céadfadh an chuirp
136]  déantar le hiarmhar m'amhuirc.
137]  Im laithibh do-chuaidh caithimh;
138]  biaidh m'aimsear 'n-a héanlaithibh
139]  ag dul thoram go dtí an t-éag;
140]  bí, a cholann, ar do choimhéad.
141]  Fa dheireadh don domhan mhór
142]  lá an bháis ní beag an claochlódh
143]  do-ní, a dhuine, domhan beag
144]  a thoradh uile d'aiseag.
145]  Is cúiteachadh 'n-a chneadhaibh
146]  cuimhne ar mo chrích ndéidheanaigh;
147]  lá an bháis acht nach bí ar m'aire
148]  a pháis ní hí as eaglaighe.
149]  Nach léir damh gurab tríom tug
150]  uan Muire i measg a námhad
151]  a slán fa chneasghuin a chuirp
152]  a-tám i n-easbhaidh amhuirc.

Atám.

153]  A n-éisteacht tar cheann mo chean
154]  dá ndiulta an mac, a mhaighdean,
155]  a Mhuire, ná failligh féin
156]  guidhe an aingil 's an fhíréin.
157]  Ní fríoth ar feadh an domhain
158]  id chorp ionnraic óghamhail
159]  nó gur hinnleadh a líon lais
160]  a dhíol d'innbhear it éagmhais.
161]  Go ndeachaidh síos ar a son
162]  do bhréag th'umhla 'n-a héanar;
163]  rí na n-uile i gcéin chuca
164]  fa réim duine dheorata.

Atám.