Bláth an mhachuire Muire

Unknown


Poem. There are no navigable sections in this document (G402026, 812words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Bláth an mhachuire Muire

    1]  Bláth an mhachuire Muire,
    2]  a dhaoine, nach diultfuidhe;
    3]  ní fhuil agaibh fáth fuirigh;
    4]  an bláth abaidh ionnsuighidh.
    5]  Ón lá tháinig i dtalamh
    6]  rí an domhain fa dheaghbhaladh
    7]  a-tá a luibh chabhra ag cách
    8]  garrdha 'n-ar chuir fa chonách.
    9]  Córaide a mheas re Muire
  10]  is béas don bhláth machuire
  11]  ar nach bí gabháil 'n-a glas
  12]  acht a fhagháil don tí thoghfas.
  13]  A duasa móra mince
  14]  gé a-táid oruibh innillte
  15]  rachaidh thoruibh tráth oile
  16]  bláth toruidh na trócoire.
  17]  Mór n-adhbhar arab eagail
  18]  go mbia i n-uair an airteagail
  19]  gidh lán do thoradh an tráigh
  20]  mo lámh fholamh dá hagháil.
  21]  Cead a bhuana ó bhás a-mach
  22]  ní thiobhra Críosd ar cheannach;
  23]  saor a-bhos bláth na faithghe,
  24]  a-nos tráth a thiomsaighthe.
  25]  Gidh iomdha dá haos ghrádha
  26]  dóibh ag deilbh na síothchána,
  27]  is lór don uile a heineach
  28]  ar Muire ógh d'impidheach.
  29]  Do bhiadh aige ar bláth na mban
  30]  's a chúl do chur re peacadh
  31]  annsacht na mbeach ar an mbláth
  32]  gach neach dá annsacht d'óglách.
  33]  Go gcoisgeann diomdha a dalta
  34]  nochtar do dhruim dúthrachta
  35]  cíche ar mná gaoil gá ghuidhe;
  36]  fa sgaoil a-tá an trócuire.
  37]  A grásaibh Muire móire
  38]  dúinn ní damhna míodhóighe
  39]  an bhrágha dar bhean a glas
  40]  bean do bu dána dóchas.
  41]  Do dáileadh a-nuas do nimh
  42]  don mhnaoi le méad a creidimh
  43]   dóigh na mná-sa nír meathadh
  44]  grása as cóir do chuimhneachadh.
  45]  Resin mbrághaid do bhí i láimh
  46]  do thogair geall do ghabháil;
  47]  maith séan an ghill do gabhadh
  48]  sgéal budh linn do leasaghadh.
  49]  Do-chuaidh dá fhaicsin 'n-a hucht
  50]  dealbh Muire gár mhó guasocht
  51]  gur bhuing don deilbh a dalta
  52]  'n-a seilbh do dhruim dánachta.
  53]  "Do mhíriar gidh deacair damh"
  54]  do rádh re Muire máthar:
  55]  "beith dod réir ní dóigh dhamh-sa
  56]  mo chóir féin go bhfaghar-sa.
  57]  "Má tharla aindlighe ann
  58]  gabhar sgáth mh'ainbhis agam
  59]  breith na deilbhe leam i láimh
  60]  mar gheall rem eidhre d'fhagháil.
  61]  "Mo mhac ní dó a-bháin do bheinn
  62]  go lá m'éaga is eadh thuigim
  63]  achd muna sgaoile Dia dhé
  64]  nach bia ar gcaoin-ne re a chéile."
  65]  Tug Muire gur mhaol a goimh
  66]  aiseag a mic don mháthair;
  67]  fuair síoth an té dá dtugadh
  68]  is fríoth é gan fhuaslugadh.
  69]  Le a luatha thug a thoradh
  70]  do bíthí dá bhreathnoghadh
  71]  a haithle an ghill do ghabháil
  72]  nar mhill aithne an uachdaráin.
  73]  Ní meabhraighthear ar Mhuire,
  74]  gidh minic a míorbhuile
  75]  bráighe do bhuain a geimhil
  76]  as áille fhuair fhóireidhin.
  77]  Do bhí ar an mnaoi gá dám dí
  78]   díom féin do beanadh bráighe,
  79]  ní lugha mh'éigin dá héis
  80]  cumha nach éidir d'fhaisnéis.
  81]  Dom anmain is eadh bheanas
  82]  an mac do bhí i mbraighdeanas;
  83]  fan sgéal do chrádh a cridhe
  84]  dál mo dhéar do dlighfidhe.
  85]  A-tá rem fhiachaibh uaim-se
  86]   fan mhac gér mhó a hanbhuain-se
  87]  go dtráighe mo thuile locht
  88]  bráighe nach fuighe furtocht.
  89]  Nach ionann an t-adhbhar déar
  90]   críoch fhágbhuim ar an uirsgéal
  91]  an cás dar ghabhomar greim
  92]  is cás anollamh Ifrinn.
  93]  Sul dheach meas ar méad mo chean
  94]  ní fhóghnann damh dom dhídean
  95]  a gheall dá ngabha mi-se
  96]  achd cara teann tairise.
  97]  Ní hiongnadh d'fhior mo dhoibheart
  98]   bídh guasacht san ghealltoidheacht
  99]  a chaomhna ar gheall do ghlacadh;
100]  fearr go haobhdha mh'anacal.
101]  Ní bláth garrdha as ghoirthe dhí,
102]  luibh an mhachaire Muire;
103]  lán don bhláth tarla an talamh;
104]  is tráth m'anma d'fhuasgaladh.
105]  Gér áibhseach maitheas Muire
106]  i súilibh na sochuidhe
107]  beith do réir an Dúilimh dhí
108]  'n-a súilibh féin ní faicthe.
109]  Éadáil do-gheibhthear 'n- a gar
110]  bean toighe na dtrí bpearsan;
111]  gearr ó gach dhuine a deightheach
112]  ceann guidhe na n-oileithreach.
113]  Go ndearna ar siur éigean air;
114]  grádh don chóir thug ar dtosaigh;
115]  do thréig a mhian do Mhuire
116]  srian nach téid re a thrócuire.
117]  Bean déanta na ndaoine dhí,
118]  bean dar bhuidheach Dia is duine,
119]  bean nar threabh le tuinn meanma,
120]  cuing ler threabh a tighearna.
121]  Íocshláinte fhóireas gach nimh,
122]  béal do b'fhoirbhthe i n-aois leinibh,
123]  cridhe nach gabhann fa ghrádh,
124]  nighe na n-anam n-easlán.
125]  Bean chúitigheas ar gceana,
126]  ríoghan as mhó muinteara,
127]  bean thoibhgheas toil na gcroidheadh,
128]  's ga bhfuil saidhbhreas sochuidheadh.
129]  Leag lóghmhar as lia buadha,
130]  cruithneacht abaidh ionbhuana,
131]  comhurtha an tunna nach tráigh,
132]  urra cobhurtha a compáin.
133]  Bean do chuir na folta i bhfad,
134]  bean do thraoth neart a námhad,
135]  sódh feithmhe na bhfear ngrádha,
136]  bean teichmhe na teagmhála.
137]  Bean fholaigh an athar mhóir,
138]  bean do snadhmadh re seanóir,
139]  bean nach admhadh a fear féin,
140]  bean nar hagradh i n-éinchéim.
141]  Ní hiongnadh grádh d'fhagháil as;
142]  "fasaidh daonnacht tre dhúthchas."
143]  móide an t-álgas fhuair an bhean
144]  uaim mar thángas 'n-a timcheal.
145]  Do b'airrdheana dísle dhí
146]  ón dá thaobh táinig uimpe,
147]  a haobhdhacht is a humhlacht
148]  a maordhacht 's a measardhacht.
149]  Toil a mheanman dá mhoghaibh
150]  tug Críost mar do-chualobhair
151]  gur fhuluing a ghoin don gha
152]  ó choir ubhaill na habhla.

Bláth.