Cia do fhéachfadh ar m'éigin?

Unknown


Poem. There are no navigable sections in this document (G402030, 799words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Cia do fhéachfadh ar m'éigin?

    1]  Cia do fhéachfadh ar m'éigin?
    2]  tarla a lán dom leithéidibh
    3]  san ghlas i dtámaid gan tail
    4]  nach tánaig as gan eochair.
    5]  An glas do hiadhadh oirne
    6]  d'osgladh muna fhéadoim-ne
    7]  ná fuilngeadh sé ar n-osnaidh air
    8]  an té as cosmhail dár gcobhair.
    9]  Fear is dáil cobhra chuige
  10]  méad a éigne is usaide;
  11]  gníomh nó go ndearna fa dheoidh
  12]  mo dhíon ar meanma Mícheoil.
  13]  Mo chion do-chuaidh i roimhéad
  14]  gomadh obair m'iomchoimhéad;
  15]  mei-se is m'óige re holcaibh
  16]  móide an treise ar dtarochtain.
  17]  Ar m'fhoghnamh ní huair chairde,
  18]  anois tráth ar dteasairg-ne;
  19]  an lá as ghoire as fhearr mh'fheitheamh
  20]  m'oire ós 'n-a ceann cuirfithear.
  21]  Ní hé a dhíoth áirmhim uile
  22]  Dia dá ndiulta a theachtoire;
  23]  damh-sa muna thoibhghe tréan
  24]  doilghe a mhasla do Mhíchéal.
  25]  Ó bhias liom lá na tiomna
  26]  maor tobhaigh an tighiorna
  27]  créad acht éara deise dhó
  28]  mei-se dá n-éara Íoso?
  29]  Ní dhlighfeadh gan mo dhearadh
  30]  bráth díreach an Dúileamhan;
  31]  dá mbeath m'éag 'n-a éag inill
  32]  an bhreath créad nach cuimhnighim.
  33]  Ag coill reachta ríogh nimhe
  34]  a-tú ó thús m'aimsire;
  35]  do caithfidhe ar sgáth mo sgeoil
  36]  bláth ar maithmhighe Mhícheoil.
  37]  Leis do díolfaidhe a dhiomdha
  38]  bheith do thoil an tighiorna;
  39]  a síodh a-raon do-roighne
  40]  maor an ríogh dá riaroim-ne.
  41]  Ní áiréamhainn m'éara féin
  42]  acht Dia do dhiultadh Mhíchéil;
  43]  ní budh comhnáir damh-sa is dó
  44]  masla d'fhoghbháil ó Íoso.
  45]  D'éanfhuil is usaide ar ndíon
  46]  mei-se is máthair an airdríogh,
  47]  Muire i n-ar seilbh gach ré seal
  48]  gan m'fheidhm uile ar an aingeal.
  49]  D'fhior m'éigne is adhbhar diomdha
  50]  ar theachtaire an tighiorna
  51]   ní caitheamh do-chóidh 'n-a tréan
  52]  an chóir dá maitheadh Míchéal.
  53]  "'N-a fhíoch dá bhfásadh fuinneamh"
  54]  m'fhuigheall ris an archaingeal
  55]  "suidhidh sinn ar saor nimhe
  56]  ná taobh inn re himpidhe."
  57]  A réadla iuil na n-uile,
  58]  bean a truaill don trócuire;
  59]  tairg tráth mo locht do leigheas
  60]  bláth ar n-olc sul aibghigheas.
  61]  Gé tám ag tuar do dhiomdha
  62]  cia tu-sa acht mo thighiorna?
  63]  ní tuilltir é mar budh eol
  64]  mé dod mhuintir, a Mhícheol.
  65]  Ionnsaigh an uain as neasa,
  66]  mithid cuimhne an chairdeasa
  67]   ag sin an bráth ag bagar
  68]  nó sir tráth dar dteasragadh.
  69]  Ga cur a-rís 'n-a riocht féin
  70]  i ló an mheasraighthe, a Mhíchéil,
  71]  cré a chéile i gcách ní chuirfe
  72]  ar gcréi-ne an tráth thiomsuighthe.
  73]  Cuma gan t'aithearrach ann,
  74]  a chroinn fhosgaidh na n-anam;
  75]  gá seise ar budh déanta id dheoidh
  76]  dá séanta mei-se, a Mhícheoil.
  77]  Tabhair m'éigean dot aire;
  78]  lamhthar thart id thrócaire;
  79]  an chóir is a rinn riom-sa
  80]  fóir inn as an éigion-sa,
  81]  Mo lochta i ló na breithe
  82]  ar deoir liom ní leigfeithe;
  83]  lá ar ndaorthai-ne ag crann an chígh
  84]  ní ham maothchroidhe, a Mhíchíl.
  85]  Don anmain nó go n-ionnla
  86]  gabh treise ar do thighiorna;
  87]  ar sal do ghabháil glanta
  88]  fagh i n-anáir th'umhlachta.
  89]  Mithid mo chosg do chiontaibh,
  90]  do-chuaidh thort mo tháirriochtain;
  91]  is treise dhúin-ne fa dheoidh
  92]  gé mhúine mhei-se, a Mhícheoil.
  93]  Tair dá n-iadhadh im ionadh
  94]  gona doimhne an Dúiliomhan;
  95]  an taobh dearg dá ndúine dham
  96]  searg is a úire an t-áladh.
  97]  Ní fhoghnann acht 'n-a am féin;
  98]  cuir-se ar múnadh, a Mhíchéil;
  99]  biaidh lá bhus cás ar gcoimhdhe
100]  an grás gé tá ar tábhoirne.
101]  Feitheamh m'anma ós díot dleaghar,
102]  a mhaoir mheic an Dúileamhan,
103]  féachar cia do héaradh ann
104]  Dia muna fhéaghadh oram.
105]  An té tharla ar mo leas-sa
106]  dá raibh leam lá an aighneasa
107]  do chóir gé admha an t-aingeal
108]  ní dóigh agra an t-archaingeal.
109]  Gin go maitheam do mhaor Dé
110]  gan chur liom i ló an fhínné
111]  fuair ar mbiodhbha d'áth oirn-ne
112]  nach fáth diomdha ar ndiultaidh-ne.
113]  Fa chéile nocha coimhthe
114]  mei-se is maor an mheadhaighthe;
115]  damh-sa a-tá mar nar tuilleadh
116]  an lá annsa an t-archaingeal.
117]  Créad acht toibhéim dá threise
118]  Dia dá ndiultadh m'oirchis-se?
119]  maor Dé, dá ndearnadh ar gcóir,
120]  nach bearnadh é dá anóir?
121]  Luach m'fhoghanta d'fhagháil damh
122]  ionann dó agus mo dhearadh;
123]  nach géabha acht gun té do thuill
124]  is é m'éara go háluinn.
125]  Maor Dé do dhíon an uile
126]  ullmha iná do hiarrfuidhe;
127]  re cabhair d'iarraidh ní an;
128]  triallaidh i n-aghaidh m'anman.
129]  A aithearrach mar aighne
130]  it aghaidh ní iarrfaim-ne;
131]  cia a-déartha do dhíol mo chean
132]  fa síodh dá n-éartha an t-aingeal?
133]  Goin an chroinn id chíoch dheas-sa
134]  gémadh fachain faitcheasa
135]  beag m'eagla fa chrú an chroidhe
136]  dá bhfreagra tú ar dteachtoire.
137]  A-tá an t-aighne im ionadh
138]  rem cheanaibh dá gcúirtioghadh;
139]  teacht id theagh muna thuillear
140]  lean th'eacht ar an archaingeal.
141]  A-tá do thruime ar n-éigne
142]  's gan im chorp dar gcoimhéid-ne
143]  go gcaithfidhe a rinn reimpe
144]  maithmhighe ar gcinn choimirce.