Creidim mar chreideas an eaglais

Unknown


Poem. There are no navigable sections in this document (G402034, 538words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Creidim mar chreideas an eaglais

  1]  Creidim mar chreideas an eaglais;
  2]  a fhir nach leanann lorg Dé,
  3]  seol do mheanmain go múr nimhe,
  4]  meabhraigh do rún cridhe an chré.
  5]  Do bhíodhbhaidh ó bheid 'gud leanmhain
  6]  go lá an bháis ní beag an ruaig
  7]  ar a roimhéad théid i dtarbha
  8]  ná léig coimhéad th'anma uaid.
  9]  Cré na n-asbal an t-iúl fíre
10]  ar feadh do laoi ná léig thort;
11]  maith an leigheas í ar an ainbhios,
12]  is í cheileas t'aimhleas ort.
13]  Gurab i n-aoinDia a-tá an Tríonóid
14]  tuig, a dhuine, a-deir an chré;
15]  creid uaim gurab í do riaghail,
16]  ná bí ag buain re diamhair nDé.
17]  I nDia Athar is eadh chreidim;
18]  is cóir adhradh don iúl ghlan
19]  más ál géarachadh an ghrádha
20]  grádh m'éanAthar dála dhamh.
21]  'N-a dhiaidh do chruthuigh an chruinne,
22]  do chum neamh gá neart as mhó?
23]  a ndubhart do dhearbh an leabhar,
24]  sealbh 'n-a chumhacht dleaghar dhó.
25]  Creidim i n-éanmhac an Athar
26]  Íosa Críosd ór ghein gach maith
27]  go mbí re ngach duine dín-ne;
28]  don uile is rí fíre an flaith.
29]  Gabhais toircheas ón treas phearsain;
30]  a pór na ngrás do ghein sé
31]  gan fhear do bhuain ris an mbanóigh;
32]  ní fuair bean anóir mar é.
33]  Druim ar tosach tug re a chineadh
34]  ar cóir nDé go ndeachaidh brat;
35]  tug a aghaidh res an uile
36]  an adhaigh rug Muire mac.
37]  Fuair fa Phons Pioláid páis croiche,
38]  cáin an chroinn do chúitigh sí;
39]  gur íoc a bhás coir a chloinne
40]  toil na ngrás do-roinne an Rí.
41]  Do luigh san uaigh, do airg Ifreann,
42]  do éirigh aisde an treas tráth;
43]  dlighidh seadh do chur sa chreideamh,
44]  a dhul ar neamh creideadh cách.
45]  A Athair na n-uile chumhacht
46]   ní ceannas nar chúitigh sé
47]  an fáidh ag a bhfuil ar dtreise
48]  do shuidh dod láimh dheis-se, a Dhé.
49]  Béaraidh an lá bhias 'n-a bhreitheamh
50]  breath na marbh is breath na mbeo;
51]  gach neach le ngabhair a ghrása
52]  raghaidh breath an lá-sa leo.
53]  Creidim sa Sbiorad naomh neamhdha
54]  do-ní inneall don iúl chlaon;
55]  a ionad gomadh hé an cridhe
56]  Sbiorad Dé nimhe na naomh.
57]  An eaglas Chatoilgeach chreidim
58]  cia agaibh nachar oil sí?
59]  olc bean fa dalta do dhamnadh;
60]  sreabh glanta na n-anman í.
61]   ceangladh cumann
62]  a gcuing chrábhaidh ná cuir díot;
63]  do-bhéara an flaith duid, a dhuine,
64]  cuid dá maith uile 'n-a íoc.
65]  Dá mbeath an aithrighe iomlán
66]  ar mh'anmain ní fúigfeadh sal;
67]  gabhar síodh ar son an pheacaidh
68]  a chor dhíom ní deacair dhamh.
69]  I bParrthas nó i bpianaibh Ifrinn
70]  d'éis na breithe beid 'n-a ndís;
71]  rachaidh fan anmain uair eile
72]  truaill don talmhain reimhe a-rís.
73]  Ní thuigid mar táid gá mealladh;
74]  mairg do thréigfeadh teach na ngrás
75]  ar sheal ngearr do ghlóir an bheatha;
76]  do b'fhearr dhóibh beatha gan bhás.
77]  Ós éigean dúinn dul i n-umhla,
78]  d'éisteacht an cheoil a-tá thuas
79]  leag do sheol, a fhir an uabhair;
80]  ceol mar sin ní chualaidh cluas.
81]  Do na lochtaibh nochar leigheas
82]  i ló meadhaighthe mhóir Dé
83]   ní céaltar an locht as lugha
84]  corp dá ndéantar crumha is cré.

Cre.

85]  Nír chreid riamh go raibhe an saoghal
86]  San Froinnséis ler fuilngeadh broid
87]  acht mar thuile ag teacht re fánaidh;
88]  tearc duine crábhaidh do chroid.

Creidim.