Cúig cáis as mhó le Moire

Donnchadh Mór Ó Dálaigh


Poem. There are no navigable sections in this document (G402035, 187words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Cúig cáis as mhó le Moire

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.

  1]  Cúig cáis as mhó le Moire
  2]  dar fhuiling rí an ríoghthoighe
  3]  tiocfa tráth as tuar toirse
  4]  gidh fuar cách sna cásaibh-se.
  5]  Fios báis a haoinmhic don óigh
  6]  mar thair tarngaire Simóin
  7]  fiu a dhoilghe do bhí fan mbás;
  8]  ní ní gan chuimhne an chéadchás.
  9]  An dara cás cruaidh an sdair
10]  sé ar seachrán re trí tráthaibh
11]  mar mhnaoi bhuile do bhí sain
12]  Muire agus í dá iarraidh.
13]  An treas cás do imthigh air
14]   a fhios mar fhuair a mháthair
15]  gné do athruigh dá haghaidh
16]  gabhthair é le hÍobhalaibh.
17]  Ar bhfaicsin Críost i gcruth bháis,
18]  a ógh, ba adhbhar uathbháis
19]  t'oidhre dod chomhair san chrann
20]  go ngonaibh doimhne dearnann.
21]  An ceathramhadh cás 's é sain
22]  shaorfas mé ar phéin an pheacaidh
23]  tre n-a croidhe do-chuaidh sin
24]  Muire san uaigh dá fhaicsin.
25]  Go raibh Muire uair m'éigne
26]  ort, a Chríost, dar gcoimhéid-ne
27]  's na cúig cáis ag labhra leam
28]  's gach páis dá dtarla id thimcheall.
29]  An ga do cuireadh id chíogh
30]  le ceilg, a oidhre an airdríogh,
31]  cuir led ghrásaibh leis an nga
32]  luibh leis na cásaibh céadna.

Cúig.