Do chadail ar bhfear faire

Unknown


Poem. There are no navigable sections in this document (G402042, 523words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Do chadail ar bhfear faire

    1]  Do chadail ar bhfear faire;
    2]  ní husaide m'ionghaire
    3]  gan mo thoil-se ar tí a feithimh
    4]  toirse 'n-a chlí choimhithigh.
    5]  Is éigin go dtiocfa as-teach
    6]  a bhiodhbha nó Dia dúileach;
    7]  mo theagh do b'adhbha fholamh
    8]  feadh an abhra d'osgoladh.
    9]  A námhaid dá rabh reimhe
  10]  móide adhbhar oirbhire,
  11]  teacht don toigh i mbí a bhiodhbha
  12]  nach hí toil an tighiorna.
  13]  An réasún aga raibhe
  14]  cumas m'anma d'ionghaire,
  15]  do leag uille ar an anmain
  16]  nach beag truime a thionnabhraidh.
  17]  Bíd a charaid diomdhach dhíom
  18]  bíd easgcaraid an airdríogh;
  19]  ar n-iompádh ó Dhia dhamh-sa
  20]  cia nach iompánn oram-sa.
  21]  A imtheacht as a ionadh
  22]  m'oibrighthe dá fhoillsioghadh;
  23]  croidhe díosg riamh ní roibhe
  24]  i mbiadh Críost i gcomhnoidhe.
  25]  Tréigean a mhic móide as náir
  26]  ná budh urusa a admháil
  27]  ar fhear éintighe oile
  28]  go dtréigfidhe a theachtaire.
  29]  Gur beanadh grása Dé dhe,
  30]  an réasún ar bhfear faire,
  31]  ar an anmain mar fríoth faill
  32]  a chríoch is amhlaidh fhágbhaim.
  33]  Cia an cara dá dhísle dhamh
  34]  i n-éagmhais oidhre ar seathar
  35]  ar bhfás d'eite lúidh mo locht
  36]  as creidthe dhúinn dar ndúsocht.
  37]  Do-ghéabham feasda ar bhfaire;
  38]  a-tá i n-oirchill m'ionghaire,
  39]  m'fhairei-se gídh dál deacrach,
  40]  lámh thairise thoirbheartach.
  41]  Lámh a carad do chabhair,
  42]  lámh as bhorb re biodhbhadhaibh,
  43]  lámh nach teagaimh achd re tréan,
  44]  lámh nach eagail don fhíréan.
  45]  Iomchraidh sí an domhan 'n-a durn,
  46]  iomchraidh neamh, iomchraidh Iofarn,
  47]  lámh arab iomdha aire,
  48]  clár tiomna na trócaire.
  49]  Moluid ar-aon a heineach
  50]  an cara 's an coimhidheach
  51]  lámh do chuir ár an einigh,
  52]  lámh i bhfuil ar bhfóiridhin.
  53]  Lámh as comhthrom dá cinead,
  54]  lámh fhuilngeas ar n-aindligheadh,
  55]  coimhdheas a grádh dá gaoltaibh
  56]  lámh fhoilngeas ar n-easaontaidh.
  57]  Gabhaid na dúile a nduan féin,
  58]  gabhaid éanlaith an ai-éir;
  59]  molaidh an trágh 's an tuile
  60]  lámh thobhaigh na trócuire.
  61]  Lámh thréan ara tréan cara,
  62]  minic fhóireas m'easbhadha
  63]  ag claonadh gé a-tám ó a toil;
  64]  lámh nach baoghal dá biodhbhaidh.
  65]  Do bhuail buille as bhaoghal damh
  66]  re linn díleann do dhortadh;
  67]  lámh bhuailte an dara buille
  68]  dál a cuairte chuguinn-ne.
  69]  Dá cosg ar cionn na breithe
  70]  cia hoile re n-éisdfidhe
  71]  lámh gan naomhuidhe ar a neart
  72]  naomhMuire is nach ál d'éisdeacht.
  73]  Bhar ngaol nach géabhaidh re hais
  74]  tiocfa lá, a lucht an díomais;
  75]  an uair fa bhféachfaidhear sibh
  76]  féachfaidhear cruaidh a chloidhimh.
  77]  An lámh do loit an tairnge
  78]  go raibh Críost dá comhairle
  79]  gur fhás sí air as ar n-ucht;
  80]  nochar mhair dhí achd a diadhacht.
  81]  Corp Íosa d'éis a leactha
  82]  fan óigh re hucht n-imtheachta
  83]  fuair ó ghuin báis 'n-a bais-se,
  84]  páis ar a bhfuil fiadhnaise.
  85]  A chara nochar chronuigh
  86]  a buain eisde d'Íobholuibh
  87]  an deaslámh do dhol dá halt
  88]  ar son na n-easlán d'fhurtocht.
  89]  A-tá ar cumas a chóig méar
  90]  dá ngabhthar leo mo leithsgéal
  91]  iul an róid do dhíorghadh dhamh
  92]  tar gníomhradh
  93]  Do budh eagail ar n-éara
  94]  —d'éis báis ní huair aithmhéala—
  95]  muna bheith tús aice ón éag;
  96]  dlús as caithte re ar gcoimhéad.
  97]  Ní fhuil i gcomhthrom rem chion
  98]  foghnamh m'anma ó aois naoidhion;
  99]  beag nar thoguibh an mheadh mhé;
100]  do choduil ar bhfear faire.

Do chaduil.