Éisd rem fhaoisidin, a ÍosaDonnchadh Mór Ó Dálaigh |
|
Corpus of
|
About this documentAbout CELT |
||||
|
There are no textual features marked in this document. |
|||||||
DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct?
1] Éisd rem fhaoisidin, a Íosa;
2] re n-áireamh is áibhseach liom
3] mo pheacaidh i gcionn a chéile;
4] deacair fa a gcionn réidhe riom.
5] Ó aois leinibh ag lot m'anma
6] níor anas fós—fada an ruaig;
7] tug dot óidh, a Dhé, mo dhocracht
8] gion gur cóir mé d'fhortacht uaid.
9] Féach oram, a Athair ghrádhaigh;
10] gabh m'fhaoisidin go mór mion;
11] a mheic Dé, is deacrach mo leigheas;
12] peacthach mé cheileas a chion.
13] Na seacht bpeacaidh go n-a bpréamhaibh
14] peacthach dhíom go ndearna siad
15] —thríd nach fuighinn grás dod ghuidhe—
16] cuirim i gcás uile iad.
17] Na hocht gcoire mar an gcéadna,
18] gé do char sinn saobh an bhreath;
19] grádh an dá cheathrar im chridhe
20] do bheanfadh clár nimhe ar neach.
21] Na deich n-aithneadha is eadh bhrisim;
22] briseadh saoire is sé mo mhian;
23] gidh bé ní nach ní dom anam
24] is é do-ní an chalann chriadh.
25] Deachmhadh mh'eallaigh agus m'arbha
26] gidh olc dhíolaim, a Dhé bhí,
27] lugha an deachmhadh cnú don chrobhuing:
28] do leanfadh tú oruinn í.
29] Fuil do bhall agus do bhruinne
30] ní bhíonn lá nach laoidheann sinn;
31] a fhir do thuit agus théarnó,
32] do luit sin gach éanló inn.
33] Bím ag ithiomrádh m'fhir chumuinn,
34] rem chomhursain ní caoin bhím;
35] díol id dhiomdha gion go ndearnadh
36] iomdha gníomh neamhghlan do-ním.
37] Brisim aoine i n-aimsir throisgthe,
38] tréigim trátha ar chomhól chornn;
39] gidh beag mo lón lá na tagra
40] mór a-tá re a agra orm.
41] Ar mh'anmuin—is adhbhar tuirse—
42] a-tá agaibh madh áil libh
43] moladh bréige, a Dhé, re a dhíoghuilt,
44] 's ní hé féige ar síoruilc sin.
45] Cuid é dom fhaoisidin bheathadh
46] béal cráibhtheach is croidhe díosg;
47] budh aithreach liom lá na coinne
48] a-tá i gcionn a chloinne ag Críosd.
49] I ndóigh do thrócuire, a Thríonóid,
50] do thocht oram—olc an chiall—
51] níor sguireas, a Dhé, dom dhoighníomh,
52] 's níor chuireas é i roibhríogh riamh.
53] Níor iarras m'fhaoisidin oraibh
54] d'éisdeacht uaim d'éis gach uilc,
55] a ghein shochair na sé líne,
56] gur mhothuigh mé críne an chuirp.
57] Ciontuighim dhuit inn, a Íosa,
58] agus don óigh ór fhás sibh,
59] im chiontaibh, a chinn an bheatha;
60] ná ciontaigh sinn seacha sin.
61] Absolóid, a Athair neamhdha,
62] is neamh re a cois chuinghim ort;
63] do lámh ós mo chionn dá gcuire
64] budh slán sionn ón uile olc.
65] A-tá agam d'éis mo chionadh
66] codladh fada, fachain guil
67] —a-tá a shliocht mon-uar ar mh'anam—
68] suan ar th'iocht, a chalann chuil.
69] Tugas an choiscéim-se chugad;
70] gidh cóir m'obadh ná hob sinn;
71] cuimhnigh ar ngaol ó fhuil Ádhaimh;
72] cuir do thaobh an álaidh inn.
73] Cuimhnigh an comhaltas mbunaidh
74] 's an mbráithreas damh, a Dhé bhí,
75] ó shin dod réir gion go rabha,
76] is sibh féin dar gcara i gclí.
77] Tú féin do chum is do chruthuigh
78] 's do cheannuigh mé—mairg nach tuig;
79] ná diult mé gidh créad mo cheana,
80] a Dhé, 's méad mo dheala dhuid.
81] T'óglaoch dúthchasa ní dhlighe
82] do dhiultadh, a rí na ríogh;
83] re neamh a-dearam ar ndúthaigh
84] ná bean m'fhearann ndúthaigh dhíom.
85] Do neamh ar dtús táinig mei-se
86] i measg bréag an bheatha ché;
87] dlighim súil re naomhbhrugh nimhe,
88] ní gaolmhar dhúinn slighe acht sé.
89] Beir leat sinn sa slighe gcéadna
90] i gcoinne cáich gidh cuin thís;
91] dom anmain gomadh léim loighe
92] céim san adhbhaidh roimhe a-rís.
93] Anois aithnim an t-iul díreach
94] —déanamh síth, a Dhé, bhus dleacht
95] má rugas chéim tharsna thoruibh—
96] 's nar léir damh-sa an chonair cheart.
97] Do bhí mé—níor mhaith an creidheamh,
98] cuid dom fhaoisidin 's eadh é—
99] gus a-nocht ag cleith mo cheana;
100] tocht id leith gur mheala mé.
101] Máthair Íosa go n-a hóghaibh
102] dom anacal ar fheirg nDé
103] fearg re a bráthair ná bíodh uirre,
104] máthair ríogh na cruinne cé.
105] Míchéal aingeal go n-a ainglibh
106] m'fhaoisidin go n-éisde siad,
107] mac Dé go gcuire dar gcabhair;
108] nár chuire mé im aghaidh iad.
109] Sdeaphán mairtír go n-a mhuinntir
110] maith do chaithfinn cur re a ndíol,
111] níor dhligh mé a martra do dhearmad;
112] dalta Dé go ndearnad díom.
113] Go raibh liom do leigheas m'anma
114] impidhe an dá easbal ndéag;
115] dá dtoighinn is tráth dá nguidhe
116] 's do-chluinim cách uile ag éag.
117] Lá na breithe go mbeid liom-sa
118] Lúcas Marcus Matha 's Eoin;
119] uaim-se gémadh ór an almsa
120] is uaisle a lógh dhamh-sa im dheoidh.
121] Naoimh agus bannaomha an bheatha
122] —bheith dá muinntir mór bhus fhiu—
123] go dteagaid linn i lá bágha
124] mar tá sinn dá rádha riu.
125] Córaide dhamh dul id chumann
126] —a chroch Íosa ainic mé—
127] nach raibhe liom loise t'fheirge,
128] a mhionn croise deirge Dé.
129] Éisdidh re moladh mheic Alpruinn,
130] éarlamh as oirrdhearca teisd
131] ní fhéad cách tuireamh a theasda;
132] ní chuireabh fáth ceasda i gceisd.Éisd.