Fada deoraidheachd na ndaoineUnknown |
|
Corpus of
|
About this documentAbout CELT |
||||
|
There are no textual features marked in this document. |
|||||||
1] Fada deoraidheachd na ndaoine;
2] déanaidh iompódh ar iul chóir,
3] cidh bé do bhean díbh an dúthaigh
4] neamh do bu tír dúthaigh dhóibh.
5] Truagh mar thángadar a Parrthas
6] peacadh Ádhaimh do b'é a dtós;
7] is cian ó dhol 'n-a ndúthaigh
8] an cor do-chiam fúthaibh fós.
9] Imtheachd uile d'éis bhar gcuarta,
10] a chlann Éabha, is é bhus libh;
11] d'anamhain ní headh do-chuabhair;
12] baramhail fhear sluaghaidh sibh.
13] Ag teagasg dá dtug an Coimdhe,
14] a chlann Ádhaimh, nír an sibh
15] do aithin sé dá bhar síoladh
16] caithir Dé do líonadh libh.
17] Táinig fairge ar fud an talmhan
18] tugadh i n-íoc feirge Dé;
19] an chuairt thimchil tug a dhíle,
20] do imthigh, rug líne lé.
21] Smacht an Choimdheadh do chionn ubhaill
22] uch, a Mhuire, mairg do bhris;
23] cionnus lat tré chraoibh na cána
24] mac an tsaoir do rádha ris.
25] Féach a thruaigh mar théid an domhan
26] díoth carad ná cuir i mbrígh;
27] rachaidh na daoine d'éag uile,
28] créad fa gcaoine duine dhíbh.
29] An saoghal—ní slighe ghrádha—
30] gearr go mbia mar do bhí ar dtós,
31] deireadh bárdadh Dé ar an domhan;
32] nír fágbhadh é folamh fós.
33] Anmhain ort an uair do saoileadh
34] ag sin a thráth, tig do ré
35] do leagadh do sheol, a shaoghail;
36] leagadh i mbeol aonaigh é.
37] Rachaidh maitheas muighe an tadhaill
38] mar théid bláth do bharraibh crann;
39] is eagal dún dál a chonáigh,
40] lámh ar gcúl nír fholáir ann.
41] Go dtiobhruinn roinn do rígh nimhe
42] dá ní féin ní foláir uaim;
43] créad fa dtabhair don té chaitheas
44] i n-aghaidh Dé an flaitheas fuair.
45] Téid uadha gan fhios a dhíola
46] deireadh bréige an bheatha ché;
47] ní cóir don talamh go dtiobhra
48] taradh dhóibh tar diomdha Dé.
49] Mar leaghann an lá fa dheireadh
50] déanaidh tapadh sul thí an bráth;
51] tiocfa sgéala ann bhus eagail,
52] a chlann Éabha, teagair tráth.
53] Dá dtí cách i gcoinne an Athar
54] aithnidh dhamh dearadh a síl;
55] gearr ar gcuimhnei-ne ar ar gceanaibh
56] fearr cuimhnighe a ndleaghair dín.
57] Iomdha agat adhbhar feirge
58] fada é ó fhochain bhig;
59] do riar a Dhé muna dhearnam
60] is é ciall na dteadhmann thig.
61] Lá éigin re hucht an bhrátha
62] biaidh fuil ag fearthain 'n-a cioth,
63] biaidh teine uaibh ar a n-áitibh;
64] uair eile báidhtir an bioth.
65] Cló na boise, bior na troigheadh,
66] trom an agra iad 'n-a ndís;
67] do chlann ní hionchora ón eire;
68] iomchora an crann reimhe a-rís.
69] Mo leigin uait d'éis a ndearnais
70] a Dhia Athar iongnadh liom;
71] cia bhaoi san chrois ag ar gcoimhdhe
72] má taoi a-nois, a Choimdhe, im chionn.
73] A-tá ar bhreith dhúinn dul i n-Ifreann,
74] a Uain Dé, nó dul id mhúr;
75] is sibh ar gcara nó ar námha
76] —ag sin ragha dála dhún.
77] Tugais bláth tre bharr an fheadha
78] d'éis a bhlátha do-bheire chnú
79] táir is soillse slighe m'anman
80] coimse nimhe is talmhan thú.
81] Cion na mná do mhill an lubhghort;
82] leanaim ort—ní hagra réidh:
83] "cia dara goire gaol Éabha,
84] a laogh Moire, féagha féin."
85] Don chomhrádh do chan an t-aingeal
86] do fhás mac ó Mhuire óigh
87] do fhéad sé teachda mar tháinig,
88] fearta Dé gá dtámaid dóibh.
89] Dá oighidh i n-íoc ar gceana
90] cionnus linn an lá do-chuaidh;
91] i n-aghaidh meabhla mná Ádhaimh
92] a-tá dearna an álaidh uain.
93] Ionmhuin bas rer bhean an t- áladh
94] ionmhuin troigh a-tá ar n-a goin;
95] braon a chroidhe tar mo cheann-sa
96] laogh oighe ceannsa do chuir.
97] Cionnus libh, a lucht an bheatha,
98] beag do shocracht do shir sé;
99] ní re lighe ar leabthaibh chlúimhe
100] leantair slighe dhúinn-ne Dé.
101] A-tá a ndearnais i ndiaidh th'anma
102] ó aois leinibh—lór a mhéad;
103] cionnus thiocfa dhíot, a dhuine,
104] íoc do chionta uile ar n-éag.
105] Ar do chomairce, a chuirp dhaonna,
106] dá ndeach mé ní maith an tarm;
107] a cholann, budh truagh do theasda
108] oram Luan measda na marbh.
109] Tar go humhal d'iarraidh grás;
110] glan 'n-a choinne an croidhe díosg;
111] gul 'n-a leith ní maith do mholfuinn
112] ná caith re breith chomhthruim Críosd.
113] Tig chugam i gcrothaibh fallsa
114] fear mo mheallta, a mháthair Dé;
115] tiocfa mo námha ní as ghoire;
116] sul thí, tárra, a Mhoire, mé.
117] Dia Athar i n-ucht a bhuime
118] do bhí ag teitheadh—truagh na cuir:
119] go n-íoca mé d'eiribh oile
120] eidhir Dé, a Mhoire, ar do mhuin.
121] Leantar máthair Mic an Athar;
122] íoc an leinbh do luigh fa a brat
123] —ag sin congnamh uaim don uile—
124] ar chonnradh fuair Muire mac.
125] A thrí Mhuire, maith do chaithfinn
126] congnamh liom fam leigin suas;
127] ná tréigidh mé, a naomha nimhe,
128] a chré dhaonna an tighe thuas.
129] Le chéile gur chaitheas m'aimsir
130] amhlaidh a-táim—truagh an brad—
131] gan lá do ghuidhe Dé dhamh-sa;
132] mo ré uile is fallsa ar fad.
133] Fada a-táid gan toil a seathar
134] síol Ádhaimh—ní hoirchios dáibh,
135] ni fhuil cúl díona ag an duine
136] achd súgh cíogha Muire a-mháin.
137] Gá n-iarraidh, an uair nach teagaid,
138] a-tá Muire—mór an brad;
139] ní bhí sí tráth ar a dteitheadh
140] sí ar cách ag feitheamh i bhfad.Fada.