Fuaras mian, ón, fuaras mian

Donnchadh Mór Ó Dálaigh


Poem. There are no navigable sections in this document (G402051, 147words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Fuaras mian, ón, fuaras mian

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.

  1]  Fuaras mian, ón, fuaras mian,
  2]  rí saidhbhir agus é fial,
  3]  file mi-se ag iarraidh grás
  4]  mar dhleaghthair gach dámh do riar.
  5]  Fuaras neart, ón, fuaras neart,
  6]  rí láidir agus é ceart,
  7]  rí éisdeas bille na mbocht,
  8]  rí nach olc do-rinne a reacht.
  9]  Mo rí mór, ón, mo rí mór,
10]  rí nach cuireann suim i stór;
11]  ag so an rí dhíolas gach neach
12]  don uile idir bheag is mór.
13]  Mo rí féin, ón, mo rí féin,
14]  rí nach diultann neach fan ngréin;
15]  ós é as fhearr dhíolfas mo dhán
16]  molfad tar cách mo rí féin.
17]  Leigeam dóibh, ón, leigeam dóibh
18]  táinte slóigh an bheatha bhuain;
19]  molaim feasda rí na ríogh,
20]  is é Críost as fhearr fa dhuain.
21]  Míchéal maor, ón, Míchéal maor,
22]  nar leig mé as an raon riamh,
23]  molfaidh mi-se aingeal Dé
24]  ós dó féin fuaras mo mhian.

Fuaras.