Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag

Unknown


Poem. There are no navigable sections in this document (G402055, 959words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag

    1]  Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag
    2]  a muinntir do mhéaduigh sí;
    3]  diallaidh re gach fear dá bhfhaghann;
    4]  bean fhiadhaigh na n-anam hí.
    5]  D'éis a héaga is fearr do bhaoghal
    6]  an bhean dar cheisd cosg an uilc;
    7]  'n-a beathaidh níor bhean re suirghe
    8]  bean i ndeachaidh cuimhne a cuirp.
    9]  Is é as chiontach ris an gcumann
  10]  —comhthrom uainn ní fhaghann sí—
  11]  an fear le ndiultar a dhéineamh;
  12]  bean nach diúltadh éinfhear hí.
  13]  An lá as chumhain liom mo lochta
  14]  ar leas m'anma is ann do bhiath;
  15]  is í ar suirghe re San Mairghréag
  16]  cuimhne dhamh ar ainmhéad m'fhiach.
  17]  Grádh tairise do thaobh cumainn
  18]  créad an fáth nach fuighe sí?
  19]  bean nach tug náire dá naomhthacht
  20]  rug báire ar gach aonlocht hí.
  21]  Ní hiongnadh gomadh í an bhanógh
  22]  do bhéaradh d'fhear annsacht lán
  23]  bean do ba chuibhdhe mar chéile
  24]  don fhear suirghe as ghéire grádh.
  25]  Sealbh na humhlochta ó aois leinibh
  26]  go lá an bháis níor beanadh dhí;
  27]  do cheangail síoth re méad meanman
  28]  díoth go héag nach dearnadh dhí.
  29]  Bean dá ráinig rogha anma
  30]  adhbhar don ainm do rádh ria
  31]  a mhéad do mhaith do-ní an néamhann
  32]  maith gach ní dhá ndéanann Dia.
  33]  Dá héis is iomdha 'n-a beathaidh
  34]  —gá beag uirthe d'adhbhar gráidh—
  35]  cloch líoghmhar an anma uasail
  36]  míorbhal tharla i gcluasaibh cáigh.
  37]  A Dhé, ní dheachaidh it aghaidh
  38]  gion gur eol dí dul id ghar;
  39]  sul do chreid an ógh it ainm-se
  40]  mór do leig thairse tal.
  41]  Iúl nochan fhuair ar an gcreideamh
  42]  an chéadchuid gur chaith dá ré;
  43]  d'éis a baisde do bhaoi a námha
  44]  i ngaisde ag mnaoi dhála Dé.
  45]  Cosg mo námhad naisgim uirre
  46]  ós í roimhe rug a bhuaidh;
  47]  ní théid ar feadh iadhaidh m'fhabhra
  48]  fear fiadhaigh an anma uaim.
  49]  Is móide chuirim i gcomhrádh
  50]  an comhrag rer chaithis dlús;
  51]  buain rem fhurtocht gomadh usa
  52]  a dhocracht fuair tu-sa a thús.
  53]  Ná leig eadrom is m'fhear cogaidh;
  54]  do chlaoidhis cheana—trom an clú,
  55]  iomchuir a-rís oire m'anma—
  56]  dís roimhe re dtarla tú.
  57]  Don tromdháimh tháinig a hIfearn
  58]  dá aingeal do b'í do chuid
  59]  do choisg tú ar-aon an dá aingeal
  60]  taobh rú gomadh daingean duid.
  61]  Feirrde bean gé do bheadh láidir
  62]  lámh carad ag congnamh lé;
  63]  níor fhéad námha teacht red threise
  64]  tar neart lámha deise Dé.
  65]  Breith na cloinne is cean do mhartra
  66]  —móide as deacair déanamh thort—
  67]  nach bí do bhean pháirte i bpianaibh
  68]  acht feadh sláinte d'iarraidh ort.
  69]  Ón mhaith do thionnsgain ar dtosach
  70]  ní troigh ar gcúl do-chuaidh sí
  71]  sealbh na ngrás nó gur ghlac Mairghréag;
  72]  slat as nar fhás ainghéag í.
  73]  Tráigh ar a dtiomsaightear cnuasach,
  74]  crann toraidh nach téid i ndíosg,
  75]  bean do luaidheadh fa fhear uile,
  76]  bean ler fuaigheadh croidhe Críosd.
  77]  Do bhí ag fear dá fearaibh suirghe
  78]  searc don óigh—gá huaisle modh?
  79]  iomdha líon do hinnleadh uirre
  80]  inghean ríogh dar thruime a thol.
  81]  An grádh ar dtús thug dom banóigh
  82]  brath ar a háille an uair rug
  83]  do bhí gá choimhéad 'n-a chroidhe
  84]  dí ar roimhéad a thoile thug.
  85]  D'fhior nochar iongnadh a carthain
  86]  caol a mala, mín a traigh;
  87]  dearna a láimhe acht a lámh oile
  88]  clár do b'áilne snoidhe sain.
  89]  Ar an mbéal dtana tug féachadh,
  90]  an folt cas do-chonnairc uadh;
  91]  níor luibhe chabhra dá chridhe
  92]  duibhe a habhra is gile a gruadh.
  93]  Annsacht nar urusa a caitheamh
  94]  dá cruth ar dtosach tug sé;
  95]  tug grádh dochaithmhe dá deighmhéin
  96]  lámh chothaighthe deibhléin Dé.
  97]  Is moladh ar áilne a haighthe
  98]  an inghean nar fhéad do chlódh
  99]  a chridhe ar n-a chor ar meisge
100]  ar son dighe eisde d'ól.
101]  Breath gion go mbeirthe le a faicsin
102]  ní foláir go bhfuighe sí
103]  grádh gach éinfhir ar a huaisle;
104]  lán do thréidhibh uaisle hí.
105]  Níor labhair ón lá do mhothaigh
106]  leis an maighdin dar mhó a thoil
107]  acht fuighle do bhíodh mbogadh;
108]  suirghe an ríogh ar hobadh air.
109]  
110]  ní raibhe a cion
111]  bean nochar bhean as a riaghail
112]  bean ler shearbh a hiarraidh d'fhior.
113]  Dia dá dtug masla
114]  a mhian ar gcúl do chuir sé
115]  go roibhe lán d'fhuath don inghin;
116]  grádh is luath do imdhigh hé.
117]  An uair do agaill a briathra
118]  do bhí an baoghal ag drud ria
119]  an té ar ar tréigeadh a námha
120]  gurbh é a céidfhear dála Dia.
121]  An sgiúirse as teo dá dtug fulang
122]  ní fríoth lé ó lucht a pian
123]  acht gur ghéire a galar eile
124]  garadh péine reimhe riamh.
125]  Fuighleach dar fágbhadh 'n-a créachtuibh
126]  an cíogh trom an tráth do sguir
127]  nar thuil a béal chréacht a colla
128]  muir théacht a déar orra d'fhuil.
129]  Tugadh pian trom do thaobh fhuachta
130]  an inghean óg nar óg nós
131]  le huisge fhuar dhí fa dheireadh
132]  is í i ngual teineadh ar dtós.
133]  An goradh gur bhean dá brághaid
134]  an bheatha thall níor thréig sí;
135]  do mhian an bháis do bhaoi ar Mairghréag
136]  nar chlaoi páis dá ainmhéad í.
137]  mháil fhoghanta an chinn- se
138]  caraid na hóighe is eadh bhíd;
139]  a maith gur moladh le a námhaid
140]  do thoradh mhaith thánuig tríd.
141]  Cúig mhíle fear fa chuing creidimh
142]  do chuir an ógh—níor fheidhm díosg;
143]  fuair 'n-a haonar d'ulc an phobail
144]  gur saoradh lucht cogaidh Críosd.
145]  ní dhleisinn
146]  mo dhán molta is mé 'n-a gioll;
147]  sí re n-éag do chuimhne an chumainn
148]  réad suirghe chumaim dá cionn.
149]  Mo ghuidhe go ngéabha si-se
150]  is í tuigsin i dtú faoi;
151]  budh anáir fa dheireadh dhamh-sa
152]  deighfhear d'fhagháil masla ón mhnaoi.
153]  Do gheall tú a thabhairt dá cairdibh
154]  cur linn fa leigheas ar n-olc;
155]  ní dulta, a rí, tar an riaghail,
156]  gach ní as mholta d'iarraidh ort.
157]  Sgaoiltear sgéalaibh milse
158]  le méad an ghráidh do-gheibh sí
159]  mian le a fear a n-ól 'n-a n-éindigh;
160]  an ógh ní bean éinfhir í.

Iomdha.