Mairg mheallas muirn an tsaoghailGofraidh Fionn Ó Dálaigh |
|
Corpus of
|
About this documentAbout CELT |
||||
|
There are no textual features marked in this document. |
|||||||
GOFFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
1] Mairg mheallas muirn an tsaoghail
2] gearr bhíos buaidh a mhóraonaigh;
3] mairg nach rochaomhain é air
4] re ré an drochshaoghail deacraigh.
5] Flaitheamhnas mór ar mhuirn mbig,
6] beatha shíor ar sheal ngairid,
7] tréigean Dé is diombuaidh an dáil
8] ar ré ndiombuain an domhnáin.
9] Sógh na sochraide neamhdha
10] a-tá thuas mun dtighearna,
11] gach sódh fa nimh seacha sain
12] is beatha fhir i n-uamhaidh.
13] A dhaoine dá ndáiltear rath
14] leis nach beag méad a meadhrach
15] bhar sódh is uime as lor libh
16] gan sódh as uille d'fhaicsin.
17] Dá dhearbhadh sin ag so sgéal
18] bheanas ris do réir fíréan
19] —sgéal é ónab iontúir neamh—
20] gidh bé sgriobtúir ór sgaoileadh.
21] Bean torrach ag tuar broide
22] do bhí i bpríosún peannaide;
23] bearar do chead Dé na ndúl
24] lé leanabh beag san bhríosún.
25] Ar n-a bhreith do bhí an macámh
26] ag fás mar gach bhfochlacán
27] dá fhiadhnaibh mar budh eadh dhún
28] seal do bhliadhnaibh i mbríosún.
29] An inghean d'fhagháil bhroide
30] meanma an leinbh níor lughai-de
31] 's í dá réir gé do bhaoi i mbraid
32] mar mhnaoi gan phéin gan pheannaid.
33] Do shoillse an laoi níor léir dhóibh
34] achd a bhfaicdís—fáth dobróin—
35] do dhruim iodhan an achaidh
36] tré ionadh thuill tarathair.
37] Mun n-orchra níor bh'ionann dál
38] dá mháthair is don mhacámh;
39] do athruigh dealbh dá dreich ghil
40] is an leanbh ag breith bhisigh.
41] An leanbh dá oileamhain ann
42] do b' fheirr-de aige a fhulang;
43] níor léir don bharrthais óg úr
44] narbh fhód Parrthais an príosún.
45] Sei-sean ag breith ruag reabhraidh
46] si-se ag dul ar doimheanmain,
47] mairg thrá nach tiobhradh dá aoidh
48] ionramh na mná is a macaoimh.
49] Ar bhfaicsin déar re dreich ngil
50] ráidhis an leanbh lá éigin
51] "ó tharla a fhuigheall ar m'óidh
52] cluineam damhna do dhobróin."
53] "Neimhiongnadh gé do-neinn maoith"
54] ar si-se "a leinibh lánbhaoith
55] "is rian chumhang nar dhleacht dún
56] teacht d'fhulang pian i bpríosún."
57] "An bhfuil" ar sé "sódh eile
58] as aoibhne ná ar n-inmhei-ne
59] nó an bhfuil ní as soillse ná so
60] ó do-ní an toirse throm-so.
61] "Dar linn" ar an leanabh óg
62] "gé taoi brónach, a bhean-ód,
63] is léir dhúin ar ndíol soillse;
64] ná bíodh ar th'úidh athtoirse."
65] "A n-abra ní hiongnadh dheit,"
66] ar an inghean "a óigmhic
67] dáigh treibhe an teagh do thaghais,
68] treabh eile ní fhacadhais.
69] "Dá bhfaictheá a bhfacaidh mei-se
70] re dteacht don toigh dhoirchei-se
71] do bhiadh doimheanma ort ann
72] id phort oileamhna, a anam."
73] "Ós agad-sa as fhearr a dhearbh,
74] a inghean" ar an t-óigleanbh
75] "ná ceil foirn fionnachtain de
76] do mhoirn d'iomarcaidh oirn-ne."
77] "Loise an tsaoghail mhóir-se a-muigh
78] is eadh tháirreas ó thosuigh;
79] mé i dtigh dhorcha 'n-a dheaghaidh,
80] a fhir chomtha, is cinneamhain."
81] Le cleachtadh deacrachta dhe
82] 's nach fuair se sodh budh aoibhne
83] níor cheis a ghruadh ghríosúr ghlan
84] ar an bpríosún bhfuair bhfalamh.
85] Baramhail do-bhearthar dún:
86] an dream do bhaoi san bhríosún
87] lucht an bheatha ché an cúpla
88] a ré is beatha bhríosúnta.
89] Ag féachain meadhrach Mic Dé
90] flaitheas aga bhfuil buainré,
91] cúis bhróin beatha gach dúnaidh
92] slóigh an bheatha is bríosúnaigh.
93] A-tá idir neamh na naoi ngrádh
94] is aoibhneas talmhan thonnbhán
95] a mbí idir uaimh dhorcha dhuibh
96] agus tolcha i n-uair aonaigh.
97] Drumchla áluinn gach achaidh
98] is grian tre tholl tarathair
99] gach teaghadh gréine do-gheibh
100] ag féaghadh réime an ríchidh.
101] Ní bhí an tsoillse-se an tsaoghail
102] seach múr nimhe nuabhraonaigh
103] —taobh re a dáil is doibheas damh—
104] acht mar shoiléas cláir comhladh.
105] Fearr í ina loise as lugha
106] aoibhneas ris nach ionchora
107] ní buaininmhe an mhoirn-se a-muigh
108] tuairim-ne an soillse suthain.
109] Tuarasgbháil teaghlaigh nimhe
110] 's an bhrogha aird ainglidhe,
111] go dtí an bráth agus bheith ris,
112] ní reich re cách í d'aithris.
113] Maith na cruinne ar chumas damh
114] agus neamh éanuair d'fhéaghadh
115] do leigfeadh mé an mhaith-sin uaim
116] gan é d'fhaicsin an athuair.
117] An talamh go n-a dtig de
118] do thréigfinn ar theach nimhe
119] 's gan fhaicsin dúnaidh Dé dhamh
120] achd mé ar culaibh a comhladh.
121] Éisdeacht le héanlaith nimhe
122] is cuid don cheol ainglidhe
123] na heoin is díoghadha dhe
124] fíorragha ceoil na cruinne.
125] Iomdha oirfideach eoin bhinn
126] ag mac inghine Iaichim;
127] nocha léir dá nglar-san guth
128] nach sásfadh i bpéin peacach.
129] Iomdha i n-Ifreann 'n-a aghaidh
130] —ní dá gcur i gcomhraghain—
131] guil agus ualla arda
132] 'ga bhfuil uadha ar ionnarba.
133] Ifreann aitreabh na ndeamhan
134] príosún daor an Dúileamhan
135] —rochtain ilphian triall don tigh—
136] imchian ó rian an ríchidh.
137] Dá bhfeasdais fir an domhain
138] sgéala Ifrinn orchradhaigh
139] re a gclaisdin do ba cóir sgeinm
140] dóibh is gan fhaicsin Ifeirn.
141] Do badh neamh leis gach neach ann
142] bás d'fhagháil is ní fhaghann;
143] ní dul ní téarnamh is-tigh
144] brugh gan éanbhrugh a aithghin.
145] Beag gach guais achd a ghábhadh
146] losgadh ann is iombádhadh
147] smuail bleachta nach báidhfeadh loch
148] sneachta nach tráighfeadh teasbhach.
149] Aghaidh uirre anba an teidhm
150] piasd a-tá ar tairsigh Ifeirnn
151] dá bhfaiceadh í eadh radhairc
152] gach fear ad-chí a chontabhairt.
153] Brugh Ifreinn nár fhaice mé
154] i gcéin uadh ná 'n-a fhoigse;
155] Rí na ndúl cá chuin do-chear
156] an dún i bhfuil go bhfaicear.
157] Ní treise ar Dhia an duine tréan
158] iná an bocht bhíos 'n-a fhíréan;
159] ní le teann tiaghair ar neamh;
160] fearr a hiarraidh go háilghean.
161] Croidhe uiríseal umhal
162] tig de duine d'ardughadh;
163] 'n-a luaighidheacht is lór d'fhear
164] guaillidheacht ógh is aingeal.
165] Beatha gan aois gan orchra
166] dóibh so ar son a adhartha,
167] sláinte gan fhoircheann d'fhearaibh
168] fáilte choitcheann chairdeamhail.
169] Mairg do thréigfeadh teach nimhe
170] ar ar mbeathaidh mbréigei-ne;
171] gá haird nach baoghal a-bhus?
172] an saoghal is mairg mheallas.Mairg.
173] Nár mhealltar mi-se, a Mhuire,
174] léir dom dhíon do dheaghguidhe;
175] guidhe óghMhuire is lór linn,
176] ógh as ghlórmhuire ghuidhim.
177] Comhairle Muire móire
178] do-ní mac na móróighe;
179] ó treise san tigh neamhdha
180] ní dhligh mei-se mímheanma.
181] Ar gcomharg coitcheann do chuing
182] ag Míchéal aingeal oruinn;
183] is é crodh iarrfaithir air
184] dol san ngrianchaithir nglórmhair.Mairg.