Mairg théid tar toil a athar

Cormac Mhac Taidhg Bhallaigh Ó Dálaigh


Poem. There are no navigable sections in this document (G402063, 700words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Mairg théid tar toil a athar

CORMAC MHAC TAIDHG BHALLAIGH Ó DÁLAIGH.

    1]  Mairg théid tar toil a athar
    2]  ar a ghoin gidh bé as bhreitheamh;
    3]  eagail a fhearg uan d'fhiochadh,
    4]  criothar dhearg fan buan beithear.
    5]  Dlighid clann umhla d'aithribh;
    6]  an umhla an t-ann nach foighthir
    7]  cuimhne gaoil dóibh ní dlighthir;
    8]  sirfidh cóir taoibh is troighthigh.
    9]  Ní sgaoilfe síoth dar snadhmadh;
  10]  go bhfríoth dar dtaoibh-ne turbhadh
  11]  do-ghéabhtha i mbais Dé a dhearbhadh
  12]  dá ndearnadh sé ar crois cunnradh.
  13]  Gur guais deaghail re díoghain
  14]  fuair do chneadhaibh fan gcánaidh;
  15]  a searg mar sin ná saoilidh
  16]  fearg fhaoilidh fhir an álaidh.
  17]  Súil linn aga ar n-a oighidh;
  18]  madh fada sinn ar slighidh
  19]  cóir do dhearg cíogh dar gcobhair
  20]  ní fhoghain fearg ríogh righin.
  21]  A bhiodhbha as ní hogail,
  22]  glas ar a dhiomdha druididh;
  23]  maith do-cháidh críoch an chogair
  24]  síoth cogaidh cáigh do chuidigh.
  25]  Leanfaidh chóir na ndealg ndomhan
  26]  an leanb ag óigh do hoileadh;
  27]  dana ó luing na bhfear bhfaladh
  28]  aghadh ar thuinn cneadh gcroidheadh.
  29]  Téid ar each croinn ler chaomhain
  30]  an fear do choill an gcánaidh;
  31]  rug a ghaol ar ghuin aoinfhir;
  32]  saoilidh gur shaor fhuil Ádhaimh.
  33]  Faill sa taobh thinn nír thugtha;
  34]  a ghaol do fhill dá n-eachtra
  35]  sreabh chiuin don fhuil-se an ochta
  36]  cuisle bhactha an riuidh reampa.
  37]  Dáil san aongha ní fhuighbhe
  38]  —caomhna cáigh is dá cuibhdhe;
  39]  bheith dhí gan fhior gan oidhre
  40]  ciodh far dhoilghe trí thairnge?
  41]  Do dháil a fhuil go humhal,
  42]  a ghuin ní tráigh gan toradh;
  43]  mairg fhear do-cháidh dhá gcuireadh
  44]  fuigheal áir na bhfear bhfaladh.
  45]  Bíodh gur dlighidh ar ndaoradh
  46]  síodh san slighidh dhar seoladh;
  47]  gidh bé thall díon nar díoladh
  48]  ríoghan ann re díol deoradh.
  49]  Oiltir lé aonmhac óighe
  50]  ler saoradh na sé líne
  51]  ní ghabh sein díol, a dhaoine,
  52]  aoighe ríogh go gcneidh gcíghe.
  53]  Gur bhac a fhíonfhuil d'iarraidh
  54]  glas ar a dhíoghail dúinidh,
  55]  rug sein an bhfeirg re fánaidh
  56]  neimh álaidh dheirg an Dúilimh.
  57]  Mór re a íoc teinne an tairnge
  58]  síoth rinn-ne gé do-righne;
  59]  nír dháil rí duais budh doilghe
  60]  guais t'oidhre i gclí dar gcinn-ne.
  61]  Tug an cíogh i n-a gceanaibh
  62]  a ndíon mar rug do roghain;
  63]  trí thráth i n-uaigh dot oidhir
  64]  doiligh fhuair các do chabhair.
  65]  Fuair tríonn créachta nar chubhaidh;
  66]  a n-éarca do dhíol dlighidh;
  67]  do dhearg teallach troighigh
  68]  d'oidhir Dé ceannach cinidh.
  69]  Síoth im chion féin nach fuighinn
  70]  a-né as críoch d'fhior a fhulaing
  71]  i nguin fir fríoth dar bhfoirinn;
  72]  do thoirinn sin fíoch th'ubhaill.
  73]  Tug t' oidhir seal dar séana;
  74]  ar dteacht do shoighin shíodha,
  75]  bíoth gan éacht ríogh do rádha,
  76]  gníomh dána créacht an chíogha.
  77]  Feis chabhra cáigh do cheangail
  78]  an fáidh ler snadhma sloinnidh;
  79]  tig sin 'n-a suirghe dhaingin
  80]  fuighle an aingil ribh roinnidh.
  81]  Crú an taoibh—ní beag an baoghal—
  82]  ar ngaoil do bhean a bádhadh;
  83]  fada sibh uam it éanar
  84]  gér dual féaghadh fhir áladh.
  85]  Long cíghe im choinne cuirthear
  86]  coinne ar sídhe go snadhmthar;
  87]  go buain t'oidhre dhar n-iomchar
  88]  tiomchal cuain oirn-ne is anfadh.
  89]  Ar chneadhaibh ní cóir cuimhne
  90]  ó ndeachaidh sláin 'n-ar seilbh-ne;
  91]  slán ó ghuin an fear foirne;
  92]  ná lean oirn-ne fhuil th'eidhre.
  93]  Cuirfidh i gcéill far gcabhair
  94]  Muire dá mbé ar mo bhuidhin
  95]  dalta glún don óigh th'oidhir;
  96]  cóir troigidh ar gcúl cuiridh.
  97]  Suirghe do-chóidh 'n-a chéile
  98]  fuighle as ar dhóigh ar ndín-ne;
  99]  cionnus libh liamhain óighe
100]  is t'iarraidh cóire i gcneidh cíghe.
101]  A réalta eoil ar n- ealbha
102]  ná déana chóir far gcomhdha;
103]  leig síneadh id dhigh diomdha,
104]  iomdha id thigh fírfhear foghla.
105]  Fáth as ar dhéanta ar ndearadh
106]  Éabha led ghrás do gabhadh;
107]  iomdha ar neamh tí do tileadh
108]  nár thileadh dhí achd fear faladh.
109]  Fag síodh a fhaladh uadha
110]  an cíogh do tolladh trín-ne;
111]  gach guin eile mar fhóire
112]  t'óighe as luibh cneidhe cíghe.
113]  Páis t'oidhir do thaobh toile
114]  do shaor ón oighidh t'fhine;
115]  do fhear tú t'fhuil don uile
116]  do bhuille sguir crú an chridhe.
117]  Tairg ríghtheach Dé gan dúnadh;
118]  bíthear do réir na ríobhan
119]  triall go hóigh ar gach aoinfhear;
120]  dóigh aoigheadh riamh gach ríoghan.
121]  Ní mó d'fholtaibh trí thairnge—
122]  gontair an cíogh dar gcoimhdhe;
123]  cóir do-gheabh sé ler seilbh-ne,
124]  fear na seilbhe is é an t-oidre.

Mairg.