Ní rí fíre acht flaith nimhe

Fearghal Óg Mac an Bhaird


Poem. There are no navigable sections in this document (G402070, 142words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


p.145

Ní rí fíre acht flaith nimhe

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.

  1]  Ní rí fíre acht flaith nimhe,
  2]  rí fíre flaith na cruinne;
  3]  do bhí ar neamh fan lia lighe
  4]  fear fine, Dia agus duine.
  5]  Ar chléith dhoinnbhear dia hAoine
  6]  do coinnmheadh Dia dar ndín-ne;
  7]  daor do bhraith an raon róin-ne
  8]  laogh na hóighe, an flaith fíre.
  9]  Rí fíre an fear nar chronuigh
10]  cneadh na cíche dar gcabhair;
11]  a chóir is é ar n-a oighidh
12]  oidhir Dé tóir a tabhaigh.
13]  Tar a thal tiad a dhaoine
14]  níor mhiadh le mac na hóighe
15]  dá chíos ní um chneidh na cíghe
16]  rí fíre, gein na glóire.
17]  Tug malairt do Mhac Moire
18]  slat do agair
19]  ar aoi a dhéire mar dhlighe
20]  caoi cridhe déine, a dhuine.
21]  A Pheadair, déaghaidh dhúin-ne,
22]  déanaidh, a easbail fhíre,
23]  guidhe ar mo chrú le chéile;
24]  tú féine id dhuine dhínn-ne.

Ní.