Saoghalta sin, a shaoghail

Donnchadh Mór Ó Dálaigh


Poem. There are no navigable sections in this document (G402076, 614words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Saoghalta sin, a shaoghail

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct?

    1]  Saoghalta sin, a shaoghail,
    2]  ar gcaitheamh do chéadfhaobhair;
    3]  saoghalta sibh iná sain,
    4]  a fhir shaoghalta shanntaigh.
    5]  Mar taoi fa thoice an domhain
    6]  —is rioth eich gan arodhain—
    7]  más tuar baoghail an bhochta
    8]  truagh, a shaoghail shaoghalta.
    9]  A aidhbheirseoir na n-uile,
  10]  id chumann, a chealgaire,
  11]  do mhuin deaghshóigh nír dhulta;
  12]  sguir, a sheanóir shaoghalta.
  13]  Ní théid duit-se fa dheireadh
  14]  do chisde dar cruinnigheadh,
  15]  luach an tsaoghail do rádh ruibh;
  16]  baoghail do dhál, a dhomhain.
  17]  Gidh bé chaitheas, gnáth a ghoin,
  18]  críoch bhur gcumainn, a shaoghail;
  19]  a fhir-se is a ghlac 'n-a ghar,
  20]  dar lat is sibh-se an saoghal.
  21]  Más tú, a shaoghail thuirsigh thruim,
  22]  an bioth cé do-chuaidh tharainn,
  23]  a earr ag breith ar an mbioth
  24]  gá fearr a bheith ar biseach?
  25]  Feadh an tsaoghail dá rádh ris,
  26]  a dhuine a-tá ag teacht thairis,
  27]  do chéill san saoghal ná sir
  28]  a thaobhadh féin an faid-sin.
  29]  Fada gur thuigeas tu-sa
  30]  fa chumann na colna-sa;
  31]  mairg do rothaobhuigh thú, a thruaigh,
  32]  a thrú, a dhrochshaoghail diombuain.
  33]  Ar do sgáth, is tú dá thoil,
  34]  taobh red leithsgéal an lá-soin
  35]  mairg a-tá, a shaoghail shanntaigh,
  36]  go lá an aonaigh iongantaigh.
  37]  Ar cathaighthibh na colna
  38]  le hainmhianaibh ionmhalla
  39]  gérsam dual im fhear fhallsa
  40]  truagh ar seal san saoghal-sa.
  41]  Críoch an tsaoghail is sí sain
  42]  seacht dtroighthe d'fhagháil d'iomdhaidh:
  43]  mar as dual dó agus di-se
  44]  ag so an uagh ga innise.
  45]  Mar théid an t-umha is an t-ór
  46]  téid an t-aoibhneas 's an t-anshógh;
  47]  téid a chruth don chruth fhallsa;
  48]  loch le sruth an saoghal-sa.
  49]  Bhar mbeith go hoirchilleach air
  50]  is córaide, a chlann Ádhaimh,
  51]  an bioth go dtairrnge tharaibh;
  52]  rioth na hainnle a ionnshamhail.
  53]  Nach cuireann an saoghal sibh
  54]  do dhéanamh oibre im aighidh
  55]  ní thig lá dá uaisle ann,
  56]  a thruaill-se a-tá 'n-ar dtiomchall.
  57]  Gé taoi neamhnáireach a-nois
  58]  budh nár ar chionn an chonntais
  59]  do neamhchomhall dá nochta,
  60]  a sheancholann shaoghalta.
  61]  Mar tá riamh dá chur i gcéill
  62]  córaide an cholann d'aimhréir
  63]  nach faghann sé acht moirn nach mar
  64]  gidh bé dan soirbh an saoghal.
  65]  Dámadh leat ó Dhia an domhan
  66]  más tú iarras athroghadh
  67]  leathlámh is méad a mholta
  68]  créad acht seachrán saoghalta?
  69]  An saoghal dá dhearbhadh dheit
  70]  dá mbeitheá it athair éinmheic
  71]  an mac san láthair nach libh
  72]  's nach lat máthair an mheic-sin.
  73]  Caidhe an t-ól 's an t-aoibhneas trom?
  74]  caidhe a dtáinig riamh romham?
  75]  caidhe an saoghal a-né a-nos?
  76]  caidhe an té aonar anas?
  77]  Ná coiglidh cluiche ná cleas,
  78]  ná coiglidh ól ná aoibhneas
  79]  má tá, a dhaoine, gan bhar ndul
  80]  ná lá saoire ar an saoghal.
  81]  Fa dheireadh—truagh an tuirrse—
  82]  d'éis do shainnte, a shaoghail-se,
  83]  ceadh sibh acht na seacht dtroighthe?
  84]  ag sin do cheart críochnuighthe.
  85]  Tuigthir nach caithionn do chrodh
  86]  méad bhar sainnte ar an saoghal;
  87]  lá feasda ní lat dod láibh;
  88]  ná bac dá dteasda teasdáil.
  89]  Aontroigh dá dtugtha toradh
  90]  dá mbeinn aga breathnoghadh,
  91]  treabhtha dom ithir ní fhuil;
  92]  mithidh do sheachna, a shaoghail.
  93]  Ar an dtalamh ó thánag
  94]  a-taoi fúm ag fanámhad;
  95]  lúbghal darab gar a goimh
  96]  an dot shúgradh, a shaoghail.
  97]  Gá fios an mairfeá a-márach?
  98]  a-tá an saoghal seachránach;
  99]  a dhuine, ní lat go lá;
100]  ná glac don chruinne a carta.
101]  Do budh mithidh d'fhior m'aoise
102]  d'éis mo ruathair robhaoise
103]  gan bheith red bhanncaibh baoghail,
104]  a shanntaigh, a sheanshaoghail.
105]  D'éis ar dháilis do dheochaibh
106]  oirn-ne is ar ar n-aithreachaibh
107]  ní cneasda go ndlighe a dháil
108]  deasga do dhighe, a dhomhnáin.
109]  Fa chabhair Caitir-íona
110]  do mhúchadh mo mhíghníomha
111]  ní beag an daingean damh-sa
112]  m'aingeal is m'éarlamh-sa.

Saoghalta.