Urra ar leighis Dia na ngrásDonnchadh Mór Ó Dálaigh |
|
Corpus of
|
About this documentAbout CELT |
||||
|
There are no textual features marked in this document. |
|||||||
DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
1] Urra ar leighis Dia na ngrás,
2] liaigh maith fhóireas gach uathbhás,
3] bíom slán 'n-a dhiaidh go deimhin,
4] liaigh ler bh' ál ar bhfóiridhin.
5] Is usaide réidhteach leis,
6] liaigh nach iarrann luach leighis
7] cóir Dé na ngrás do ghuidhe;
8] is é a bhás ar mbeathai-ne.
9] Luach aisdir ní iarraidh sain,
10] liaigh cabhartha clann nÁdhaimh;
11] liaigh do fhaomh leigheas ar locht
12] bheireas a ghaol ó ghuasocht.
13] An deoch shearbh ler fhóir inn-ne
14] liaigh leighis ar n-intinne
15] ní thug sé digh dhí dhamh-sa
16] gur ibh mo Rí romham-sa.
17] Do léig cuisleanna a chuirp féin,
18] gidh mór do-ním dá mhíréir,
19] Mac Dé do leigheas ar locht;
20] ní hé so cheileas a chumhocht.
21] Gidh maith liom leigheas mo chuirp,
22] a Mheic Dhé as uaisle iodhbuirt,
23] ní hé uile iarraim ort;
24] triallaim dod ghuidhe im ghuasocht.
25] A ghnúis ghrianda shéimh shuilbhir,
26] sirim ort mar athchuinghidh,
27] a luibh chabhra cheileas mh'olc,
28] leigheas mh'anma mar fhurtocht.
29] Go dtí dod leigheas, a leinb,
30] d'éis a ndearnadh do dhíbheirg
31] —mairg nach reich ríghe nimhe—
32] breith fhíre na haithrighe.
33] A liaigh leighis na n-uile,
34] 's a Mhac ochta óghMhuire,
35] —cuma an chalann créad a dál—
36] féag an t-anam go heaslán.
37] A ré lán as sia soillse,
38] fóir, a Íosa, ar n-athtuirse;
39] sgaoil, a Dhé, ciaigh mo chroidhe,
40] a liaigh na sé sochuidhe.
41] Ós liaigh gach othair más fhíor
42] a-dearar oidhre an Aird-ríogh,
43] gér chás díobhaidh fhríoth rinne,
44] fíoraidh Mac na maighdine.
45] Má tá leigheas choidhche im cheann
46] dhuit, a Mhuire, ní mhaithfeam;
47] dod dheighfheis is déanta dán;
48] leighis mo chreachta, a chompán.
49] Ag so dhuit, a Dhia neamhdha,
50] —éisd rem thiomna, a Thighearna—
51] an chalann 'n-a cánaigh féin;
52] slánuigh mh'anam, a fhíréin.
53] Bí mar liaigh, a ghruadh ghealtais,
54] dom leigheas lá an éigeantais;
55] 's bí mar dheirbhshiair dhúin-ne istigh,
56] a bhinnliaigh dúine an dúilimh.
57] Leighis mé, a Mhíchíl, lá an Luain
58] mar thiocfaid na trí tromshluaigh
59] —romhór mo chóir red chuma—
60] fóir ar n-anshógh eaturra.Urra.