A chnuic thoir re taoibh Ealla

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh


Poem. There are no navigable sections in this document (G402087, 793words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


A chnuic thoir re taoibh Ealla

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

    1]  A chnuic thoir re taoibh Ealla
    2]  fa dtáid aicme Oilealla,
    3]  giodh 'mud bhruach do hoileadh inn,
    4]  fuath dot oirear im inntinn.
    5]  Is tú cnoc na ndéar dhúin-ne,
    6]  a thulach ard fhéarnúidhe;
    7]  is mó théid ar dhéaraibh dhamh
    8]  t'fhéaghain iná ar mhéid meanman.
    9]  Ní guth oram dimbríogh dhuit,
  10]  a Chláraigh Ealla orrdhruic;
  11]  a-taoi ar n-am chrádh, a chnuic thoir,
  12]  do bhaoi i ndán duit a dhéanaimh.
  13]  A Cláraigh, is tú an tulach
  14]  mar thuit an Fionn Forbharach;
  15]  mo ghrádh nó gur thuit red thaoibh,
  16]  a chnuic a-tám do thathaoir.
  17]  Mac Diarmuda—dia do chor—
  18]  do tairngireadh go dtiocfadh
  19]  dá lot ar bhrú do bhearna;
  20]  is tú cnoc na cinneamhna.
  21]  An lá tugadh thort a ndeas
  22]  an chreach ler ceileadh m'áineas
  23]  fríoth basgadh id chuim, a chnuic,
  24]  is trasgradh do chloinn Chormuic.
  25]  Don turbhaidh thug ar an dtóir
  26]  i n-ucht Cláraigh i gcéadóir
  27]  marbhthair 'gun ghéig gach nar ghabh
  28]  gabhthair an mhéid nar marbhadh.
  29]  Díobhraigis duine don tóir
  30]  mac ríogh Mis—mairg dar chusbóir—
  31]  gur bháidh inn tar a déis dairt
  32]  d'éis an áir thinn do thabhairt.
  33]  Éanghoin duaibhseach na dairte
  34]  ní feas fear a díobhraicthe;
  35]  torchair lé flaithbhile Fáil
  36]  achd ré n-aithrighe d'fhagháil.
  37]  Aithghin an té thorchair ann
  38]  achd an flaith Fathadh Canann
  39]  níor thuit tiomchall do ghleanna,
  40]  a chnuic fhionnchlann Oilealla.
  41]  Ar ngabháil ghiall an domhain
  42]  dó go hÉirinn n-éarlamhaigh
  43]  'mud chaomhachadh, a chnuic thall,
  44]  do thuit caomhFhathadh Canann.
  45]  Do thuitsead re taoibh th'imil
  46]  Fathadh agus Féidhlimidh;
  47]  tugais d'Éirinn, a chnuic, cor
  48]  'nar thuit Féilim is Fathadh.
  49]  Féidhlimidh mac mheic Domhnaill
  50]  fuair goin 'n-a guin anfhorlainn
  51]  ar an bhfánaidh uaid i-le,
  52]  a Chláraigh, 's a ruaig roimhe.
  53]  Fathadh Canann ceann an tsluaigh
  54]  ar an uillinn uaid sor-thuaidh
  55]  do thuit ar gcaithimh a chleath,
  56]  a chnuic, le maithibh Muimhneach.
  57]  Bean Oilill airdríogh Mumhan
  58]  —toisg dá dtáinig mórphudhar—
  59]  rug Fathadh—ní feis gan bhrón—
  60]  leis ar athadh 's ar éalódh.
  61]  Táinig is an gcnuc ad-chí
  62]  i n-a aghaidh an t-airdrí;
  63]  do bhaoi brath 'gun fhoirinn air
  64]  gur laoi is Oilill cath Cláraigh.
  65]  Caoga mac ríogh na rosg mall
  66]  leathtrom é d'Fhathadh Canann
  67]  gér chalma neart flatha Fáil
  68]  's na seacht gcatha 'n-a chomhdháil.
  69]  Gá dú achd fuair Fathadh Canann
  70]  bás ann d'éis a mhórtharann;
  71]  ní dhó gér dhluigh a chaoine
  72]  as mhó fhuil ar n-éagcaoine.
  73]  Do bhí i ndán i n-a dhiaidh soin
  74]  an dara gleo ar ghurt Cláraigh;
  75]  an céadchath níor theo gér the
  76]  iná an gleo éachtach eile.
  77]  Fear croidhe náraigh neimhmin
  78]  mac na flatha Féidhlimidh;
  79]  fachain anfaidh d'fhás ar loch
  80]  bás Í Charthaigh i gClárach.
  81]  Dursan leam a los Fhéilim
  82]  na tréidhe tá ar seinÉirinn;
  83]  milleadh fás a craobhchall gcuir
  84]  bás a saórchlann 'ma sliabhaibh.
  85]  Re bás an churadh Con Raoi
  86]  ar Sléibh Mis—mana déarchaoi—
  87]  bás an fhéil chreachnáraigh dhuinn
  88]  ar Sléibh seanChláraigh samhluim.
  89]  Ar Sléibh Fuaid fuair a roghuin
  90]  Cúmhsgraidh Meann mhac Conchobhair;
  91]  do thuit ionnshamhail an fhir
  92]  ar fhionnaghaidh chnuic Chláirigh.
  93]  Diarmuid ar Beann Ghulban Ghuirt
  94]  do thuitim re péisd bpríomhthuirc
  95]  cointinn is géirrinn dá ghoin
  96]  Féilim ar chnoicbheinn Chláraigh.
  97]  Muircheartach Mór mhac Earca
  98]  is Féidhlimidh finnEachtgha
  99]  fríoth a n-árach leath ar leath
100]  im Chlárach is im Chleiteach.
101]  Rí Éireann dar bh'ainm Dá Thí
102]  marbh ar Sléibh Alpa an t-airdrí
103]  fríoth oilbhéim re samhluigh soin
104]  ar coirrShléibh challghloin Chláraigh.
105]  Trí meic Tuireann—tearc nar chaoin—
106]  tuitsead im Chnuc mac Miodhchaoin;
107]  mó chaoinim do thuitim thoir
108]  ar maoilinn chnuicfhinn Chláraigh.
109]  Créad fa mbeinn ar bruach t'imil,
110]  a chnuic thall, d'éis Fhéidhlimidh?
111]  san chnuc thealghlas nó gur thuit
112]  níor dheaghlas rut, a rochnuic.

A chnuic.

113]  Do shíol Bhriain do bhuing Teamhraigh
114]  lucht marbhtha mheic Thoirdhealbhaigh;
115]  tug fhás ar orchradhaibh slóigh
116]  bás Conchobhair i gCaolmhóin.
117]  Go dtorchair tighearna an chnuic
118]  Art Ó Caoimh cneas mar bhánchuip
119]  fríoth an-allan bruit is ba
120]  it fharradh, a chnuic chéadna.
121]  A Chláraigh, ceileabhradh dhuit;
122]  ag súd mé uait, a ardchnuic,
123]  fear nach seachnann comhlann cleath
124]  go Domhnall gcleathchorr gCairbreach.
125]  Gé taoi, a ThéaGhaimh, a chnuic thiar,
126]  eadrainn is an fhionn foiltfhiar
127]  go hEoghan dleaghair dola
128]  leomhan Bhealaigh Bhóromha.
129]  A chnuic thiar ga dtá Buadhach,
130]  is tú an dumha deaghdhuanach;
131]  samhail Chrot gCliach ar chaoimhe
132]  an cnoc ós iath Fhormhaoile.
133]  A chnuic ós chionn Locha Léin
134]  gá bhfuil Tadhg na dtreas n-aigmhéil,
135]  gar dhuit is dóigh mo thochta,
136]  a chnuic mhóir, a Mhangarta.
137]  Sealbh dhíleas Domhnaill Í Chaoimh
138]  tú, a chnuic uaine an fheoir bharrchlaoin;
139]  mo chean duit tre robhaidhbh rath,
140]  a chnuic dan comhainm Clárach.
141]  A Shléibh Luachra don leith thuaidh
142]  i riacht Mór mín an bhanshluaigh,
143]  id ghoire 's dóigh mo dhola
144]  tre Mhóir Mhoighe Mhucromha.
145]  Freagarthar linn líon ar slóigh
146]  do shlóigheadh go Sliabh Si-óin;
147]  Mhíchéal oirn bhus fhear garma
148]  seadh 'n-a mhoirn ní míotharbha.

A chnuic.