A fhir théid i dTír ChonaillGofraidh Fionn Ó Dálaigh |
|
Corpus of
|
About this documentAbout CELT |
||||
|
There are no textual features marked in this document. |
|||||||
GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
1] A fhir théid i dTír Chonaill
2] go tír an ríogh romholaim,
3] clúm mín tres gach maoilinn dí
4] aoibhinn an tír i dtéighe.
5] Aoibhne dhuit-se ná dhamh-sa,
6] ag féachain na bhfearann-sa,
7] an clár ubhlach groigheach glan
8] Murbhach is Oileach d'fhéachadh.
9] Do-chífe Magh n-úr n-Eine
10] na learg n-áluinn n-aingleidhe
11] 's an Éirne dá n-éir ealta;
12] budh céim d'éirghe aigeanta.
13] Do-chífe Eas Ruaidh rámhach
14] na sruth mbreacach mbradánach
15] is Síodh Aodha ós an tráigh the;
16] caomha na cláir ad-chífe.
17] Do-fheadar badh aoibhinn lat
18] na fuinn-se d'fhéachain umat;
19] do-cím ort dá aithle soin
20] tocht go faighthe mín Murbhaigh.
21] Do-chí uait Éirne i-le
22] 's na cnuic corra ós chionn Éirne
23] buinne síothbhán nach searg guil
24] 's gach learg do mhíonchlár Murbhuigh.
25] 'San bhailei-se do bhunadh
26] bhíos mo chara Conchobhar,
27] lucht deigheoil 'n-a chaithir chuirr
28] do mhaithibh ceineoil Chonuill.
29] Sochraide óg nar ob cath
30] rí an tuaisgirt go n-a theaghlach
31] beir sgéala uaim dá oireacht;
32] déana thuaidh mo theachtaireacht.
33] Cleamhnas ar deis duine féin
34] is altrannas i n-imgcéin,
35] innis d'fhaghlaidh na n-oirear
36] gurb amlaidh do horduigheadh.
37] Do-ním-se an dara ní díbh
38] do mhac Aodha, don airdrígh,
39] do chéibh na mbachlannas mbog
40] altrannas i gcéin cleachtfad.
41] Mar tá mé dá mhalaigh dhuibh
42] fa chuing altrannais uasail
43] bídh mo chroidhe leis an gcuing
44] do rígh Doire, d'Ú Dhomhnuill.
45] A chur dhamh tar gach nduine
46] innis d'airdrígh Toraighe
47] ó Aoibhill chneisshing Chliach Mháil
48] do dhleisinn a fhiach d'fhagháil.
49] Inghean mhiochuir Mheic Uilliam,
50] folt barrbhuidhe bachaillfhiar,
51] 's glór coimseach bádhach banda,
52] goillseach nárach neamhGhallda.
53] Fiarfaigh dhamh-sa dá deirc mhoill
54] cionnus dhíolfas Ó Domhnaill
55] a bheith ag craoibh Ché 'n-a chairt
56] mé i ngach laoidh dá labhairt.
57] A fhir théid don Mhumhain mhóir
58] i dtigh Thaidhg as fhearr th'onóir,
59] ionnsaigh magh na múr sona
60] gabh go dún Í Dhonnchadha.A fhir.