A-tám i gcás eidir dhá chomhairle

Eochaidh Ó hEoghusa


Poem. There are no navigable sections in this document (G402093, 650words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


A-tám i gcás eidir dhá chomhairle

EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.

  1]  A-tám i gcás eidir dhá chomhairle;
  2]  gá cás as rodhailghe ná an dál a- direim-ne?
  3]  guais teacht ó chríochbhun an dá chomhairle
  4]  dá neart chomhaidhbhle dar síorchur dar slighidh-ne.
  5]  Dá chúis rom-ghoin le diamhair ar ndoimheanma
  6]  toil na hoileamhna ag iarraidh ar n-aradhna
  7]  ó fhairche ráthaigh ghartghloin gheilEamhna
  8]  'gar máthair gheineamhna is m'antoil anamhna.
  9]  Measaim triall le mearbhail ar mórchumhadh
10]  ó fhiadh na n-órchuladh, ó sheanmhaigh shíothMhumhan,
11]  go hadhbhaidh mbuig sruithbhinn na saorchuradh
12]  is cuid dar saothrughadh ar nach cuirfinn críochnughadh.
13]  Measaim dá éis i n-aimsir ar dtriallai-ne
14]  go géis ngrianDaire ros faillsigh gach fáidhfhile
15]  is mé go haoinchéim ar ndul sa dréimire
16]  nar chéillidhe sgur re baoithréim ar mbáirei-ne.
17]  Anfad re cuma ar nduaine deiridh-ne
18]  sunna i neimhinmhe—gá cruaidhe comhairle?
19]  mása thruagh leo—gidh eadh dá n-anaim- ne
20]  ní raghaim-ne beo go sluagh mear Modhairne.
21]  Ó chrích chaillghil na gcaladh síodhamhail
22]  dá n-anar san ríoMhumhain mhaighrigh mhíondoirigh
23]  gá dulc dhún ar sealadh go sírrighin?
24]  dleaghar do ríghfhilidh súr gach síodhoirir;
25]  an dara bliadhain gan triall fa thuaidheamhain
26]  ní bhiam ó shluaighfheadhain riaraigh ríoghOiligh.
27]  Gér linn ón droing do ghnáth a nguailnidheacht
28]  do luaighidheacht tar cách is roinn a ríoghadhart,
29]  is luibh chabhra dhúin ar ar ndeoraidheacht
30]  ó cheoloireacht Ghabhra ar súil re a síorradharc.
31]  Dursan ar dtriall ó oirear fhionnDaoile
32]  na moigheadh ndionnnaoidhe go fiadh bhfionnÁine;
33]  gidh ionmhuin clár sreathghlan seanDáire,
34]  neamhthal ar leannáin-ne fa dál diombaidhe.
35]  Uchán ar gcéim-ne ón talmhain thuaidheamhain,
36]  's ó Éirne chuainealaigh bhalbhghlain bhraondoirigh,
37]  is ó fhréimh armruaidh rúnbhrais ríoghUidhir,
38]  's ó shíodhuidhibh glanshluaigh shúlghlais shaorOiligh
39]  'sh óm Aodh féine mo ghrádh tar Ghaoidhealaibh,
40]  as céile d'aoigheadhaibh 's as fhál d'aoghairibh.
41]  Is í ar ndáigh nach ba cian ar gcéilidhe,
42]  ar gcéilei-ne riamh a-mháin dá mhóirfhine,
43]  ó Mág Uidhir dá roiseam 'n-a ríobhaile,
44]  síodhaidhe boisseang ó bhruighin ar mBóinneine.
45]  Do-ghéabh i síothlios fhionn an Aodha-sa
46]  mo dhínchrios taobha-sa, mo lionn lúdha- sa,
47]  is gan ar dtriall a hamharc an aoilleasa
48]  radharc gach aoibhneasa san fhiadh Úna-sa.
49]  Budh mór saorchlann dom fhios do b'inríoghtha
50]  is fraochlann rinnlíomhtha ar slios na sean-bhóchna;
51]  budh iomdha béinne úr airmniamhtha
52]  is glainbhriathra cléire san dún dealbhórtha.
53]  Budh iomdha le moltaibh fáidh fan bhfionnorlár,
54]  's gáir bionnorghán le hochtaibh imeilmhéar,
55]  's ceo doilbhthe ar gach leath fan loinnearmhúr
56]  ó chroibmearlúdh bhoirrthe each n- ingeinghéar.
57]  Budh iomdha ag triall don ealtain éigseighil
58]  éigsfhilidh dá riar ón ghreantaigh ghéagsdaraigh;
59]  badh iomdha rithlearg áith le hógsgolaibh
60]  go ráith bhfódsgoraigh na n-ilcheard n- éagsamhail.
61]  Badh iomdha sompla úr ar óireangaibh,
62]  is lúdh ag sróillearraibh corcra ós chaoilrean-naibh,
63]  gáir ag seilg, bionngháir ag buabhallaibh
64]  fan leirg mbuabhallaigh lionnbháin laoidheangaigh.
65]  Do-ghéabh róm gan fholta gan imreasain
66]  an slógh re finnleasaibh corcra an chuirmlissin;
67]  do badh díol teineadh don uallchath Eamhna-sain
68]  dealbhlasair buadhchlach bleidheadh na bruighneisin.
69]  Do-ghéabh Aodh romham 'n-a ríoghshuidhe,
70]  síodhuidhe saor nach bloghann a bhéalluighe,
71]  's a ógbhadh thréan ar ar thinne caomhfhile
72]  's ar bhfréamh chraobhei-ne ime go héanduine.
73]  Dá roicheam don bhrugh fhionnfhuar oireaghdha
74]  budh diombuan ar ndoimheanma ar ndul san deaghadhbha;
75]  do-ghéabh san phurt mo ghaol geineamhna
76]  is Aodh seinEamhna go n-a lucht leanamhna,
77]  lámh ler sgaoileadh teagar gach tighearna,
78]  dreagan nach infheadhma re haoinfhear n-ealadhna.
79]  Fuath na dreime ó raonchlár ríoBhóinne,
80]  baothghrádh fíoróighe seinge síodhshaoire,
81]  fa nochtaid fialmhná a meanma mímhéine,
82]  grianlá rífhéine meardha míonDaoile.
83]  Beithir Eamhna dar fuilngeadh fíorfhoghal,
84]  ríoghobhal Teamhra na mbuidhneadh mbéinneimhear,
85]  seabhac d'ealtain na gcuradh gcaolfhoghadh,
86]  saoraghadh deargthair gan omhan éinfhileadh.
87]  Mo chéile rúin, caomhthach gach chomhuidhigh,
88]  ón saothrach ar sgoluidhibh múir Muireadhaigh,
89]  fear síorchuir óir ar ar n-ealadhain
90]  tar deaghfhalaibh an tslóigh fhíochmhair fhuineadhaigh.
91]  Mo chean fionnbharr na bhfeadh ndruidfheactha
92]  dá dtiobhram cuideachta re feadh bhfaideachtra,
93]  's an learg neamhchruinn fhionnghlan fhadochta
94]  mo chearchuill chodalta, ionnladh mh'aigeanta.

A-tám.