Bean dá chumhadh críoch Ealla

Fear Feasa Ón Cháinte


Poem. There are no navigable sections in this document (G402096, 896words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Bean dá chumhadh críoch Ealla

FEAR FEASA ÓN CHÁINTE

    1]  Bean dá chumhadh críoch Ealla;
    2]  a-tá—ní taom soineanda—-
    3]  neoil éachta impe re headh,
    4]  linnte téachta 'n-a timcheal.
    5]  Síona corracha ceatha,
    6]  saighnéin lonna loisgeacha,
    7]  tuile chumhadh ós a ceann
    8]  nach duibhe dubhadh díleann.
    9]  A-tá re hathaidh d'aimsir
  10]  'n-a tír dhorcha dhoghailsigh
  11]  nar bhean a déarchuladh dhi;
  12]  ní bean éanchumhadh i-se.
  13]  I gcrích Ealla na n-eas nglan
  14]  iomdha comhartha cumhadh
  15]  táraidh dá tochrádh re treall
  16]  gur sháraigh ochlán Éireann.
  17]  A haibhne i dteirce torchar;
  18]  ní trom féar a fanntolchadh;
  19]  iúl fraochmhar a slighthe sain;
  20]  sirthe faolchon 'n-a fiodhbhaidh.
  21]  A-tá—ní cumha chuimse—
  22]  dá adhbhar 'gá hathtuirse;
  23]  gibh bé dhíobh as dimbhríogh dhi
  24]  do líon sé d'imshníomh i-se.
  25]  I nEallaibh d'éis a leonta
  26]  aimrid gach craobh cheineolta,
  27]  luath ar an gcioth mheasdar mall,
  28]  ní easgar ioth 'n-a ionam.
  29]  Do cailleadh le crích Ealla
  30]  —tug dorcha a dreach shoineanda—
  31]  tuir iorghuile achaidh Fhinn,
  32]  nathair ionghuire a himill.
  33]  Do cailleadh fós—fada a ghomh—
  34]  a mionn adhartha, a hollamh,
  35]  caitheamh aimsire a sluagh sain;
  36]  truagh an ainnsile d'Eallaibh.
  37]  Domhnall Caoimh creach brughadh,
  38]   Dálaigh díoth ollamhan,
  39]  a mbeith mar táid 'n-a dtaisibh
  40]  dá chreich an fháid Eallai-sin.
  41]  Dá leonadh a fhlaith ngoile,
  42]  dá bhuaidhreadh a mbanchoire,
  43]  dá chúis daghra leasChláir Luirc
  44]  dá dhamhna an easráin d'adhuint.
  45]  Mór as easbhaidh d'iath Ealla,
  46]  mór as díoth d'fhuil Oilealla,
  47]  dá phudhair luighe gach lis
  48]  don Mhumhain uile is éisleis.
  49]  Díoth dá marcraidh mac Chaoimh;
  50]  díoth dá n-ollamhnaibh d'aontaoibh
  51]  —ní léir sreath adhmholaidh as—
  52]  creach dá n-adhbhoraibh Aonghus.
  53]  A-táid mar a-tá an Mhumha
  54]  fa ndíth-sin ag déardhubha
  55]  beithre fhoraire Fhóid Bhreagh,
  56]  sgolaidhe na gcóig gcúigeadh.
  57]  Gér mhór ag sgaoileadh don sgoil
  58]  a n-orchra i ndiaidh Í Dhálaigh,
  59]  níor lugha ag deaghail don droing
  60]  a gcumha i ndeaghaidh Domhnaill.
  61]  Ní bhíodh sgolaidhe don sgail
  62]  dá mbíodh i mbaile Í Dhálaigh
  63]  gan chomaoin éigin ón fhior
  64]  d'fhorraoin nar bh'éidir d'áiriomh.
  65]  Chuige do ghabhdaois trá ag teacht,
  66]  do bhídís aige ag imtheacht
  67]  go hionbhuidh sgaoilte don sgail,
  68]  faoilte ionmhuin re a n-aghaidh.
  69]  Oide sgagtha na sgoile
  70]  's a gcompánach comhnoidhe
  71]  re linn sídh nó i gcailg chagaidh
  72]  mairg an tír re a dtéarnadair.
  73]  Díoth don mholadh, olc don aoir,
  74]  bás Aonghusa mheic Amhlaoibh;
  75]  saoth don ghaisgeadh líomhtha lonn
  76]  an baisgeadh díochra Domhnall.
  77]  Mac Í Chaoimh ceardcha goile
  78]  díobhadh uaisle a fhaonloighe,
  79]  áladh doiligh dá gach dháimh,
  80]  bádhadh oinigh is easráin.
  81]  Níor mhian leis an lá do mhair
  82]  gan chuaird ollaimh 'n-a fhochair;
  83]  an fáidh ó bhfuair gach oideacht
  84]  cáir do-chuaidh 'n-a chomhoideacht.
  85]  Domhnall mhac Airt 's a ollamh
  86]  dóibh is aoibhne—adamar—
  87]  béine nar an ar-oile;
  88]  gar dá chéile a gcomhnoidhe.
  89]  A-táthar leo—leor do shníomh—
  90]  ar gach thaobh d'fheart na n-airdríogh;
  91]  tarthaidh sinne ar ndíobhdhúdh dhe
  92]  i ríoghmhúr Cille Créidhe.
  93]  Sáith Í Dhálaigh do dhamhna
  94]  i nDomhnall dreach nathardha;
  95]  sáith an donnaghaidh shing shéimh
  96]  dar linn d'ollamhain ainn-séin.
  97]  Suaimhneach dá gach dhuine dhíobh
  98]  gan marthain d'fhulang fairbríogh
  99]  i ndiaidh an chomthaigh ro chleacht;
100]  liaigh dá n-orchraibh a n-imtheacht.
101]  Ionnshamhail Domhnall dreach bhras
102]  ní dóigh go bhfuigheadh Aonghus;
103]  fa chrích ndaithghil mbraonghlais mBreagh
104]  aithghin Aonghais ní fhuigheadh.
105]  Bíoth gur mhaith le mac Í Chaoimh
106]  bheith is ollamh d'éantaoibh
107]  meisde é dul d'Ú Dhálaigh
108]  sé ag cur ar a chompánaibh.
109]  Do b'easbhaidh duas d'Ú Dhálaigh
110]  díoth céile agus compánaigh
111]  bás an fhialruire shéimh shing
112]  tar féin Fhiadhmhuighe Fhéilim.
113]  Is toirmeasg sgéal do sgaoileadh
114]  díoth dréacht agus duanlaoidheadh
115]  fa Chlár nOiligh dtonnmhall dtais
116]  do Dhomhnall oighidh Aonghais.
117]  Mór gcompánach croidhe Dhé
118]  do-chuaidh ag iarraidh éigse
119]  —ró doghruinne nar líoth lais—
120]  do dhíoth fhoghluime Aonghais.
121]  Gréas marbhnaidhe meic mheic Airt
122]  dámadh beo an t-oide orrdhairc
123]  do snoighfidhe 'n-a ghréas ghlan
124]  gréas badh sgoithghile sgiamhadh.
125]  Níor ghuais dí 'n-a dheaghaidh sain
126]  toibhéim oide ná adhbhair;
127]  níor bheag d'fheitheamh, a Dhé, dhi
128]  gomadh breitheamh é uirre.
129]  Do bhí—níor bheag do thuigse,
130]  níor ghuth dhóibh é an ionbhuidh- se—
131]  geall gach oide 'ga ucht shlim
132]  a hucht a oige n-inghill.
133]  Do nós Í Dhálaigh sa dán
134]  do bhí Domhnall díon forrán
135]  re súr feadh, re feitheamh cruidh,
136]  'n-a bhreitheamh cean is coguidh.
137]  'N-a láimh leadartha biodhbhadh,
138]  'n-a ghríbh chuirthe caithiorghal,
139]  'n-a dhóigh oinigh, 'n-a eo ghlan,
140]  'n-a dhoighir bheo gan bháthadh.
141]  Mac Í Chaoimh, cuingidh Ealla,
142]  troigh luaimneach lá doineannda,
143]  bas dána dhíobhraigthe sleagh,
144]  brágha míonmhaicne Míleadh.
145]  Ursa troda, túr deabhtha,
146]  fuigheall iarainn aithleaghtha,
147]  lámh éachtach áladh docrach
148]  bádhadh céadchath gcumhacthach.
149]  Mac Eilionóir, abhra slim,
150]  ní hé a inmhe acht a inntinn
151]  thug ainm d'iomarcaidh gach fhir
152]  don bhaidhbh iongantaigh éigsigh.
153]  Rogha foghluma fríoth lais,
154]  cur feadhma, foghal ionnmhais,
155]  cosg díbheirge cháigh dá chrích,
156]  rímheirge áigh is eissíth.
157]  Geall gach oide taoibh re taoibh
158]  mar fhuair Aonghus mhac Amhlaoibh
159]  geall gach ríodhamhna rug sin
160]  ar fud fhíonadhbha Éibhir.
161]  Ó Dálaigh an dréachta ghloin,
162]  mac ochta chloinne Carthaigh,
163]  dalta an chróchshlóigh mhálla mhir,
164]  órthóir an dána dhírigh.
165]  Bádhadh tnútha, tobar fis,
166]  cosg dubha, dúsgadh áinis,
167]  léaghadh meall nglanrolla ngeal,
168]  ceann foghloma na bhfileadh.
169]  Ursa breithnighthe gréas ngill,
170]  sgolaidhe d'ollamh inghill,
171]  altra cháigh i n-ar gceird-ne,
172]  fáidh glanta na Gaoidheilge.
173]  Dursan, a Dhé, a ndeaghail ruinn
174]  mh'oide, mo chéile cumuinn;
175]  san gcruth i rabhadar rum
176]  uch nar anadar agam!
177]  Géarsam uaibhreach orra sain
178]  mo lucht comtha, mo chomthaigh,
179]  teidhm as tinne do threaghd mé
180]  a bhfearg rinne ní raibhe.

Bean.