Dá bhrághaid uaim i nInis

Tadhg Óg Ó hUiginn


Poem. There are no navigable sections in this document (G402100, 612words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Dá bhrághaid uaim i nInis

TADHG ÓG Ó hUIGINN cct.

    1]  Dá bhrághaid uaim i nInis
    2]  triall cugtha is cuaird neimhmilis;
    3]  adhbhar sgís a sgaradh rinn
    4]  anadh ón dís ní dhlighfinn.
    5]  Dá bhrághaid—buan an phudhar—
    6]  nach fuighthear re bhfuasguladh
    7]  —do bhá uair is do b'ionmhuin—
    8]  a-tá uaim i n-éiniomdhaidh.
    9]  Dias brághad—ní beithte ris—
  10]  do-chuadar uaim go hInis;
  11]  mé gan sheise ó shain a-nall
  12]  do sgair mei-se dá marann.
  13]  Is é ar leas gan í d'fhaicsin
  14]  Inis d'éis na mbrághaid-sin;
  15]  mar shaltraim ar úr Innse
  16]  achmhaing mo shúl shilim-se.
  17]  Truagh mo chomhrádh ós a gceann
  18]  ag ceileabhradh don chuibhreann;
  19]  do-bhir mo chridhei-se i gceas
  20]  sibh san Inis-se i n-uaigneas.
  21]  A-tá i nInis—uch do bhroid!—
  22]  Tadhg Ó Briain i n-a bhrághoid,
  23]  a-tá Gráinne—doilghe dhamh—
  24]  bráighe nach foighbhe a fuasgladh.
  25]  Gé a-tú beo ní fhuilim ann
  26]  Ua Mathghamhna ó nach marann;
  27]  mo sheise mná ó nach mair
  28]  a-tá mei-se gan mharthain.
  29]  A-tá gach éigeas oile
  30]  ar fhud Innse Laoghaire
  31]  mar tám i ndiaidh na deise;
  32]  lán do chiaigh an cridhei-se.
  33]  Mo dhoimheanma 'n-a ndeaghaidh
  34]  ní hurusa a hoileamhain;
  35]  sul do bhí acht éantoirrse ann
  36]  ní fhéadfoinn-se hí d'fhulang.
  37]  A-tá doigh éigneach oile
  38]  im thaoibh chlé 'n-a comhnoidhe,
  39]  doigh ag iomghoin ar mh'árainn
  40]  im iomdhaidh nach iompághainn.
  41]  Ríoghan do fhréimh na gColladh
  42]  is í ar tús do thoghamar;
  43]  truagh dhamh-sa i ndiaidh a togha
  44]  mh'annsa d'Ú Bhriain Bhóromha.
  45]  Ní liom nach cian bhus cumhain;
  46]  tángadar a TuadhMhumhain
  47]  sgéala do-chuaidh fam chridhe;
  48]  déara uaim 'n-a n-ainnsile.
  49]  Gion go ndeachadh—dia do chor—
  50]  inghean ríogh Rátha Cruachon
  51]  Ó Briain do budh bráighe ghill
  52]  gáire 'n-a dhiaidh ní dhlighfinn.
  53]  An chríoch-sa Mhumhan Mheic Con
  54]  méad a hanshóigh ní hiongnadh
  55]  's a mbuain dí i ndiaidh a chéile
  56]  rí Ó mBriain 's a bhainchéile.
  57]  Bheith dod lot ar do lár féin
  58]  idir fhiodhbhaidh is eichréidh,
  59]  a Mhumha-sa, ó nach maraid
  60]  urusa dot eascaraid.
  61]  Ní raibhe i ndán dá deirc mhoill
  62]  inghean mhiochair Mhaoil Sheachloinn
  63]  teacht tar ais—is crádh cridhe—
  64]  ó Dhál Chais dá céilidhe.
  65]  Is amhlaidh budh áil linne
  66]  ó chaladh Chuain Duibhlinne
  67]  sí nó a taise do thoigheacht
  68]  gér mhaise dhí a deoroidheacht.
  69]  Ní guth d'ealaidh Átha Truim
  70]  gan a hadhlacadh aguinn;
  71]  mac Sláine 's sé nar cheaduigh
  72]  gan Ghráinne 's é i n-éinleabaidh.
  73]  Mh'uabhar a hucht na deise
  74]  chuireas inn i n-éidtreise;
  75]  as mo threise thángas riom
  76]  rángas mei-se ó nach maireann.
  77]  Gé do thréigeas iad uile
  78]  ar choinnil Chláir Mhaonmhuighe
  79]  níor thoill an chlann-sa Cholla
  80]  gan roinn mh'annsa eatorra.
  81]  Ag síol Cheallaigh 'gar chleacht mé
  82]  ní anabh ar éis Ghráinne;
  83]  mo chuid ronna dhíobh ar ndol
  84]  ó shíol Cholla do-chuamar.
  85]  Ionmhuin teagh a-tá folamh
  86]  rer dheacair mo dhealoghadh;
  87]  neach don dís nochan fhoil ann
  88]  don toigh a-rís ní racham.
  89]  Ag ól buabhall is bleidhe,
  90]  ag ceannach ar gceirdei-ne
  91]  do bhádar lá san tigh thall
  92]  fir agus mná nach marann.
  93]  Béim budh iomnár dá n-aighthibh
  94]  ní fríoth 'gun aos anaithnidh
  95]  mo lucht comtha an gcéin do mhair
  96]  gan bhéim ortha 'ga n-eolchaibh.
  97]  An dias fa dtá mo thoirse
  98]  —is í breath do-bhéaroinn-se—
  99]  rem ré ní fhaca a aithghin,
100]  gidh bé aca fhiarfaighthir.
101]  Ar éis Thaidhg mar thángas ruinn
102]  crodh ná ionnmhus ní iarruim;
103]  crodh do-bheirim ar ndol dí;
104]  crodh do-gheibhinn ó Ghráinne.
105]  Gotha ísle 's éigean dóibh
106]  a mbíodh aice fa onóir;
107]  a charaid ó theasda Tadhg
108]  ní lamhaid feasda acht fodhard.
109]  Ar n-éag inghine hÍ Cheallaigh
110]  is Taidhg fa dtáid Éireannaigh
111]  —ní háil bas do bhuain umha—
112]  do-chuaidh as an ealudha.

Dá.