Dairt sonn dá seoladh go Tadhg

Gofraidh Mac Briain Mac an Bhaird


Poem. There are no navigable sections in this document (G402101, 541words )
This is the entire document

 

Corpus of
Electronic
Texts

at University
College Cork


Dairt sonn dá seoladh go Tadhg

GOFRAIDH MAC BRIAIN MAC AN BHAIRD cct.

    1]  Dairt sonn dá seoladh go Tadhg
    2]  crithir bhruithneach breacht neamhgharg;
    3]  a sblannc dí ag deaghail re a sreing
    4]  ní dleaghair gan í d'fhaichill.
    5]  Réim ag fágbháil a fiodhbhaic
    6]  leis an óinsigh n-eisionnraic
    7]  mionn soighde le bhfromhthar fuil
    8]  do thollfadh oirdne iobhair.
    9]  Tar Tadhg n-Óg ní dul di-se
  10]  's ní dol do Thadhg thairis-se
  11]  's í dá hinneal re headh air
  12]  gidh eadh ní cinneadh cogaidh.
  13]  Gidh soighneach siansa (ó) a haoibhill
  14]  i ndáil meic Í mhórBhaoighill
  15]  ní hí dairt as doilghe neimh
  16]  ar tí oidhre Airt Aoinfhir.
  17]  Soighead go sighnibh toile
  18]  is í d'arm na hionmhuine
  19]  dá chongbháil dá chor fa ghreim
  20]  damh dá fhaghbháil lem intinn.
  21]  Cúipid aobhdha an amais ghrib
  22]  dí tárraidh sinn an soighid;
  23]  soighdeoir na hannsa is í an bhean
  24]  an t-arm-sa is dí do dírgheadh.
  25]  Dá saordhacht snoighe an chailbh-se
  26]  dá craobhraidh an chorthair- se
  27]  ar eitibh caomha an chuilbh ghlain
  28]  nach duirn daonda do dheasaigh.
  29]  Dá fiodh cagais don cholbh féin;
  30]  dá feidhm ceardcha an ceann soiléir;
  31]  a snuadh ar coinnlibh an chinn
  32]  go bhfoighrimh druadh ón dílinn.
  33]  Cóir roinn a glaice grádha
  34]  baindia an bhreachta shíothchána
  35]  Cúip-hioda fa déadla doirr
  36]  re dioda céadna Ó gConoill.
  37]  A gá féin foithne ar seise;
  38]  maith seanchas na soighdei-se
  39]  sí i ngnás na glaice dá bhfuil
  40]  cás a caithte ní cheasnaigh.
  41]  Dorlach do dhairtibh seada
  42]  maoidhtear ar chrios Cúipioda
  43]  le hamas gach aoin dar bh'áil
  44]  mar rannas le craoibh Cruacháin.
  45]  Trí soighde go séan lámhaigh
  46]  ghabhas greim ar leannánaibh
  47]  —cia díobh ar nach dlighthear brath?—
  48]  ríomh a-dirthear fan dorlach.
  49]  An chéaddairt ag cur beadhgaidh
  50]  doighir nach dál foirdheargaidh;
  51]  an dara dairt 'n-a deoidh soin
  52]  feoil is ailt ar a hionchuibh.
  53]  Gidh treas soighead na seirce
  54]  iomthús éarma a hingheilte
  55]  dul don chrithir go croidhe
  56]  i n-ithir na hionmhuine.
  57]  Céadshoighead chuirthe an bheadhgtha
  58]  sonna go seol drithleannta
  59]  —'s ní ba chailg 's í 'n-a héanar—
  60]  ar tí Taidhg do thaigéaradh.
  61]  Cusbóir re gcaithfe mei-se
  62]  dá dheirbhshiair na dairtei-se
  63]  an chuid oile don ghlaic ghráidh
  64]  croidhe ren hait a n-easráin.
  65]  Céile ar a gcuinghidh leaba,
  66]  sgoláir do sgoil Cúipeada,
  67]  gnúis dealbhdha dá ndeachaidh cion,
  68]  eochair meanma na maighdean.
  69]  Meanma ó bhfuigheam guin fa ghuin
  70]  fa lár nach léigfe ar ndeabhaidh,
  71]  rún nach daor slighthe seirce,
  72]  drithle chaoin dar gcoigilt-ne.
  73]  Deighfhear re ndlighim robháidh,
  74]  Ua Baoighill meic Buadhaghám,
  75]  tamhan a criaidh Dálaigh dhil
  76]  fa liaigh álaidh dar n-aithribh.
  77]  Mac Máire, mac Taidhg mheic Taidhg,
  78]  ua Coinn Doire as díol anmhairg
  79]  plannda cuir ó bhraonghort Breagh
  80]  far fhuin saordhacht mac Míleadh.
  81]  Ua Cuinn meic Úna ó Áth Truim,
  82]  sbraic ionChuinn re hucht bhforluinn
  83]  rún crobhluit ar cóir troda,
  84]  súgh póir Cormaic churadhda.

D.S.

  85]  Mág Aonghusa as úr maicne
  86]  cusbóir é dar n-annsaicht-ne,
  87]  seangshlat as saor mar phuba
  88]  ar aon is deaghMhac Diarmuda.

D.S.

  89]  Mairghréag inghean Méig Fhlannchaidh,
  90]  géis d'ealtain Cuinn chobharthaigh,
  91]  is aire ar a laighead linn
  92]  saighead toile fa a tuairim.
  93]  Banua Ruairc go roich ar mbáidh
  94]  slios do ghéig Ithe ón Easbáin
  95]  tréad far mhín mórchuing Banbha
  96]  géag d'órchoill Ír Ollarbha.
  97]  Déas gan ioth úire Gallda
  98]  foichne go bhfás shaorchlannda
  99]  d'fhochan Gaoidhil fa gheal sdair
100]  bean len faoilidh ar bhfioghair.

Dairt.