Léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge.

Tréimhsí caite agam ag staidéar i gCorcaigh, in Université Charles de Gaulle (Lille III), in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 

Corcaíoch; ceangal muintearais agam le Gaeltacht Chorca Dhuibhne.

Na príomhréimsí spéise atá agam ná an fhiannaíocht, na dánta grá, léann na lámhscríbhinní agus an eagarthóireacht théacsúil.

Táim ag obair ar eagrán d'Agallamh Oisín agus Phádraig agus tá roinnt alt á n-ullmhú agam ar ghnéithe éagsúla de na dánta grá.